Mar is gnách gach bliain, iarrann eagarthóirí snámh carthanais ar an gclub tacaíocht a thabhairt dóibh, ó thaobh sábháilteacht na snámhóirí ar an uisce de. Inniu bhíomair ag cabhrú i gCuan Dor agus an Snámh Bréantrá i gcomhar an RNLI.
Bíonn píosa spraoi ann i gcónaí ag na himeachtaí seo, agus tá sé go deas cabhair a thabhairt don comhphobal inár dtimpeall, ach go minic bíonn i bhfad níos mó spraoi ann tar éis na himeachtaí.
Inniu, d'fhógair Derry O'Regan go raibh sé chun turas beag a threoiriú tar éis an snámh, agus bhíos breá sásta dul leis.
Bhí grúpa beag ann, Derry, mise, Anna O'Keefe, Rob O'Brien, Betty Woulfe agus Pat O'Grady, agus chuamair amach an cuan, agus ó dheas go dtí Oileán Eve agus ansin Oileán Adam.
![]() |
| Derry & Anna & Pat |
![]() |
| Rob & Anna & Derry |
Ó Oileán Adam, chasamair soir i dtreo Rinn Ó Grianna (Goat's Head) agus Faill na Seabhac. Ar an slí, bhuaileamair le cabhlach dragons ag teacht isteach. Deireadh de rás éigin a bhí ann, measaim.
![]() |
| Pat agus na dragons! |
![]() |
| Anna & Betty |
![]() |
| Pat & Derry |
![]() |
| Anna & Betty |
Stopamair ag Prison Cove le haghaidh sos beag agus greim bídh, agus isteach linn go dtí Bréantrá arís.
Lá deas eile le comhluadar breá a bhí ann.











No comments:
Post a Comment