F.O.M.O. - Fear Of Missing Out, sin an fhadhb atá agam fé láthair.
Nuair a chuaigh Dave Glasswell, Des Ronan, Pa Canway agus Thomas Maas go dtí na hAlpa san earrach, bhí éad an domhain orm! Ón am sin, bhí suim agam triail as cadhcáil bánuisce, b'fhéidir go mbeinn in ann dul leo go dtí na Peiríní a bhliain sé chugainn. Ar dtús, bhíos ag iarraidh canú OC1 a fháil ar athlámh, ach theip orm, ansin chonac an cadhc seo, Dagger Rewind L, ar díol i gCorcaigh, agus bhuail an daol mé, agus cheannaíos é.

Bhí an deis agam triail a bhaint as cúpla uair cheanna, ar an Rapid ag Loch Oighin agus sa bhruth i gCiarraí, ach ba é seo mé chéad uair ar an abhainn leis.
Bhí sé an-difriúil ar an bhfíoruisce intí. Bhíos ag titim thart i gcónaí. Tá an "slicey stern" an-éagsúil ó na báid a bhfuil taithí agam ionta.
Pé uair a stopaim ag bualadh, téim fé! N'fheadar an bhfuil an bád seo oiriúnach dom ar aon chor.
Mo mhíle buíochas do Fatima Cristina Garcia Gunning, as na fótagraif agus físeanna inniu.
No comments:
Post a Comment