Monday, 30 September 2024

20240930 - Bandan Uachtarach arís

Ní mó ná sásta a bhí mé tar éis mo mhíthapa inné, agus nuair a thug Gadget cuireadh eile dom teacht arís inniu, ghlacas an deis an scéal a chur ina ceart.

Ach teip ar mhuin teipe a bhí ann. D'iompaíos béal fé, aríst is aríst eile, agus theip ar mo rolla gach uair freisin. N'fheadar cé mhéad snámh a bhí agam ar deireadh.

Bhí an leibhéal an-deas, agus fios maith agam go mbeinn ag baint an-spraoi as an eachtra i mo chanú, ach ní rabhas ag baint aon spraoi as seo! 




Táim fíor buíoch as an gcomhluadar, comhairle agus inspioráid a thug Gadget dom inniu, agus as na fótagraif agus físeanna freisin, dar ndóigh.

Measaim anois go bhfuil mo rás rite sa chadhc beag seo. Caithfidh mé réiteach eile a aimsiú.


No comments:

Post a Comment