Beidh sé seo mo thuras deireanach roimh dul ar ais ag obair, agus ceann speisialta bhí ann.
Bhí tuairim agam le bliain anuas b'fhéidir, cósta Contae Chorcaí iomlán a theastáil i gcadhc, agus ag an am seo tá formhór de déanta agam. Ach tá píosa mór in Oirthear Chorcaí in easnamh (agus píosa ar leithinse Béara).
Leis an dea-aimsir geallta inniu, chinneas dul soir, go dtí Baile Choitín, agus céaslú ar ais go dtí Rinn an Róistigh. Bhí suim ag cúpla leaideanna ón gclub teacht liom, ach cé go rabhamair chomh fada ónár áit cónaithe, thugas cuireadh do baill Phoenix Kayak Club teacht linn freisin. Ghlac Dan Cowhig agus Declan O'Connor an cuireadh, agus bhí Ronan O'Brien agus Niall Leahy ann ó Iarthar Chorcaí freisin.
An 'circumnav' beag sin déanta, chasamair siar i dtreo ár gceann scríbe.
An chéad rud suntasach ar an dturas ná an longbhriseadh MV Alta. Rud fíor ait agus suimiúil le feiscint ar thuras chadhcála, ach brónach (domsa) ag an am céanna.
Is mairnéalach mé, agus tá leath mo shaol caite ar longa móra 's beaga thar nach mór tríocha bliain. Ag féachaint ar an raic sin, bhí orm smaoineamh ar an gcriú a chaith a saol oibre ar MV Alta. Chónaigh siad ar bord ar feadh míonna ag an am. D'oibrigh sian inti cinnte, ach chodail siad inti, agus d'ith agus d'imir agus bhí craic 's comhrá acu inti freisin. Thug siad aire di, agus bhí bród acu aisti, ar dtús ar a laghad. Ach anois féach uirthi - briste agus dearúdta, uaigneach ar na carraigeacha, á bhualadh ag na tonnta i gcónaí.

![]() |
| Niall ag iniúchadh an cabhail briste. |
![]() |
| Nílim cinnte cén ball é seo atá fós láidir, agus gach rud ina thimpeall briste - an locar slabhra b'fhéidir. |
![]() |
| Ar an slí siar arís. |
Stopamair ag Tráigh Baile Uí Bhranagáin le haghaidh sos lóin. Tonnta áille ar an slí isteach ann, ach ag dumpáil ag an deireadh.
![]() |
| Ronan ag gluaisteacht go tapaigh, mar is gnách. |
![]() |
| Dan ina chadhc féin-déanta álainn. |
Ag druidim ar Cheann Dhún an Phaoraigh, bhí radharc trasna go Ceann Riobaird agus Oileáin an tSabhrain, agus bhí ár dturas nach mór thart.
Ar ais ag Rinn an Róistigh. D'fhágamair cúpla charr anseo ar maidin, agus thóg Declan sinn ar ais go dtí Baile Choitín.
Lá aoibhinn a bhí ann, geall grianmhar agus le togha comhluadar. An t-aon fhadhb ná, níor rug Odhran ar suipéar!
Mo fhíseán ón lae seo thíos.

No comments:
Post a Comment