Táim ar ais abhaile arís, agus dúil géar agam dul amach ag cadhcáil, mar is gnách tar éis 5 seachtain oibre.
Bhí réamhaisnéis breá oiriúnach ann le haghaidh turas inniu, agus scaipeas an scéal dá bharr.
Chruinníomair le chéile ag an gcalafort i nDún na Séad ar maidin, le tuairim dul deiseal timpeall Inis Arcáin.
Tá an turas seo déanta agam cheanna féin, ach ceann breá is ea é, agus oiriúnach dom agus mé as taithí fé láthair.
![]() |
| Teacht Debbie. Is breá leis an gceamara Debbie, agus is breá le Debbie an ceamara! |
![]() |
| Dea-radharc ar an bhfánán ar maidin. |
![]() |
| Ar chúl - mise, Niall Leahy, Robert Merrick, Dave Glaswell. Chun tosaigh - Dave Elwood, Debbie Heaphy, Michael Tallent Murphy (Dublin Michael). |
![]() |
| Tá an Ilen ar ais i nDún na Séad. |
Chuamair an cuan amach fé "Lot's Wife", agus trasna go dtí Inis Arcáin fén teach solais.
Sa samhraidh seo chaite, d'iarr duine a bhí ag céaslú timpeall Éire comhairle uaim ar áit le campáil sa cheantair seo. Thugas cuid maith moltaí di, agus bhí Horseshoe Harbour ina measc.
Ach tar éis dul ann, bhí an té sin ar buile liom, agus ag rá ná raibh aon áit le leaindeáil ar bith.
Bhíos fíor brónach gur thugas droch-chomhairle, ach ag an am céanna cheapas go raibh áit ann, cé nach raibh mé ann le fada an lá.
Inniu, bhíos ag iarraidh an fhirinne a fháil amach...agus dar fia, tá áit ann!
Níl sé foirfe, glacaim sin, ach tá spota ann le haghaidh an puball, achar beag ón mbóthar, agus 10 nóiméad siúl go dtí an Jolly Roger.
Níl sé foirfe, glacaim sin, ach tá spota ann le haghaidh an puball, achar beag ón mbóthar, agus 10 nóiméad siúl go dtí an Jolly Roger.
Pé scéal, táim ró-shásta a bheith amuigh ar an uisce le bheith nimhneach fé :)
Ar aghaidh linn, fad cladach theas an oileán, agus tríd Súnta an Ghaisceanáin.
Nuair a bhí an dream eile ag tógaint sos, ghlacas an deis dul timpeall Oileán Broc.
![]() |
| Bhí eachtra beag ag Dave ag teacht tríd an mbearna seo. |
Díreach tar éis an lón, bhí eachtra beag agam freisin, nuair a tháinig tonn mór anuas orm gan coinne.
Píosa beag "rock-hopping" ina dhiaidh sin, agus ansin chuamair díreach i dtreo an cladach thuaidh. An t-aon phíosa sceitimíní eile a bhí ann ná nuair a chonaic na leaids eile madra uisce ag rith thar carraig, ach níor chonac féin é.
Seo mo fhíseán ón dturas.
Agus seo thíos taifead Dave ón lae.

































No comments:
Post a Comment