D'eagraigh Pa an turas inniu. Bhí dream maith ag cruinniú ag An Liag chun dul go dtí Oileán Bhríde, ach chinneas-sa lainseáil ag Baile an Chaisleáin agus dul thart chun bualadh leo. Bheadh sin i bhfad ní ba éasca ná tiomáint an slí ar fad timpeall.
Nuair a bhaineas An Liag amach, bhí siad díreach ag críochnú an cruinniú faisnéise, ach bhíos in am le haghaidh an féinín a ghlac Dave.
![]() |
| Ar chúl: Pa Conway, Cath Russell, Robert Merrick, Niall Leahy. Sa lár: Ronan O'Brien, Tess Glanville, mise, Richard Latimer, Debbie Heaphy. Chun tosaigh: Dave Elwood, Amy Walsh. |
Bhí píosa spraoi ag scata againn i measc na carraigeacha, agus sinn ar ár slí i dtreo Oileán Bhríde.
Nuair a bhaineamair an oileán amach, d'fhág mise agus Ronan slán ag an ngrúpa, agus d'fhilleamair ar ais i dtreo an cuan. Bhí rudaí eile socraithe agam don iarnóin, agus bhí ar Ronan dul abhaile freisin.

Stop gach éinne eile ann le haghaidh sos lóin, roimh filleadh ar ais inár ndiaidh.
![]() |
| Pa agus Dave. |
![]() |
| Amy agus Dave. |
![]() |
| Richard. |
![]() |
| Amy agus Pa. |
![]() |
| Radharc Robert. |

No comments:
Post a Comment