Friday, 28 February 2025

20250228 - Cuan Oisrí go dtí Bun an Tábhairne

Bhailíomair le chéile i gCuan Oisrí ar maidin i gcomhair turas eile san oirthear.

Dream deas a bhí ann - Dave Elwood, Typhoon Tess Glanville, Debbie Heaphy, Helen Daly agus Jimmy Murphy (ina NDK Romany Sport nua!)


Bhí réamhaisnéis deas againn, leis an ngaoth aniar-aneas, ach bhí suaille ann, agus bhí sé bréitseach an dhóthain in amanna.
Nuair a chuamair amach as an gcuan, chasamair fé chlé, agus leanamair an cladach i dtreo Cuan Chorcaí.

Tar éis an chéad ceann-tíre suntasach, Ceann Barraigh, ghlacamair sos beag, agus sheiceáileamair go raibh gach éinne sásta, agus gach rud socair.
Deis do Debbie a bhí ann freisin, a r-phoist oibre a sheiceáil agus cúpla a sheoladh!



Jimmy sona ina chadhc nua.



Gach duine socraithe, agus oifig Debbie dúnta arís, leanamair ar aghaidh i dtreo Ceann na Reann.





An chéad stad eile ná sos lóin ag Cuainín Riobaird.


Helen Daly.


Debbie, Helen agus Dave ag teacht timpeall Rinn an Fíadóra.




Jimmy agus Tess ag dul timpeall Ram's Head.


Bhaineamair ár gceann scríbe amach ag an bhfánán i mBun an Tábhairne, ach tar éis theip uafásach agam ag cleachtadh mo diabhal rolla arís :(

Ar chúl: Jimmy, mise.
Sa lár: Helen, Debbie.
Chun tosaigh: Tess, Dave.

Jimmy.

Mise.

Debbie ar a sáimhín só.










Seo thíos mo fhíseán ón dturas.



No comments:

Post a Comment