Sunday, 20 April 2025

20250420 - Dún Locha go dtí Galley Cove, bealach An Clochán (Carn Uí Néid)

Inné, bhíos féin agus Pa ag plé dul go dtí an Bandan Uachtarach inniu le haghaidh píosa cleachta ag leibhéal íseal, ach chuir Tess ina luí orm go mbeadh sé ní b'fhearr dul go dtí Carn Uí Néid toisc go mbeadh na dálaí oiriúnach (rud annamh agus iontach).

Bhailigh dream beag cróga againn ag Dún Locha le cuir isteach ag an bhfánán is airde agus is géire dá bhfaca mé riamh.

Cé ná raibh mórán gaoth ann (ag an tús), bhí suaill suntasach ann ceart go leor, agus dálaí breá anamúil agus spraíúil ann dá bhrí san.

Shleamhnaíomair isteach san uisce, agus leanamair i dtreo Sligger Point (Sligeach?). Chasamair thart ansin agus chuamair i dtreo ceantar An Clochán, agus an teach solas Carn Uí Néad.
Bhí neart spraoi ann ar an slí áfach.




Bhí sos beag againn fén droichead, ach ní rabhamair ábalta stad ann toisc go rabhamair ag cuir isteach ar na róin ann.
  

Bhí an chuid is fearr den lá thart fén am san, agus leanamair ar aghaidh, timpeall Ceann Bró go dtí Galley Cove.



Seo thíos an físeán ón dturas.




No comments:

Post a Comment