Wednesday, 23 April 2025

20250423 - Trasna Loch Trasna

Do bhí dhá rud ag tarlúint inniu. Bhí na buachaillí ag déanamh an campa seoltóireachta bliantúil ar Inis Uí Drisceoil agus, mar is gnách, bhí teach ar cíos againn ar an oileán ar feadh an seachtain. Ag an am céanna, thug El Maestro Dave Elwood cuireadh dom dul amach leis agus dream da chairde ón gCumann Cadhcáil Ollscoil Chorcaí óna hochtóidí.

Bhíos chun bualadh leo ag An Scoil, ach bheadh orm mo veain a fhágáil ag Conamar. Cén dochar! Raghfainn ar turas beag i m'aonar ó Conamar go dtí An Scoil, agus raghfainn in éindí leo as sin amach.

Maidin breá ar an uisce a bhí ann, agus chinneas dul timpeall ceann den an Laonna roimh dul go dtí An Scoil. Bhíos ag smaoineamh ar An Lao Thiar, ach ag am deireadh ní raibh an t-am agam é sin a dhéanamh, agus chuas timpeall An Lao Thoir ina áit.

Ansin, chuas díreach go dtí An Scoil, ach ní raibh siad ann nuair a shroicheas an caladh. Ghlacas an deis dul suas go dtí an siopa le haghaidh cupán tae agus císte beag. Ansin fuaras glaoch ó Dave ag iarraidh fáil amach cá rabhas. Bhí siadsan thall ag Trá na hAidhleann, agus bhí orm dul sall chun bualadh leo.

Gach rud ina ceart anois, chuamair an cuan amach agus chasamair fé chlé agus tríd Cainéal Oileán an Chaisleáin.
Trasna go dtí Inis Céime Thoir linn ansin, agus bhí lón againn ann ar tráigh beag foscaithe ón ngaoth.



Tar éis an lón, chuamair i dtreo Inis Píc agus "Hackett's Creek" nú "Green's Channel" mar atá ar na cairteanna.

Ag deireadh an cainéal san, d'fhágas slán ag mo chomrádaithe agus chuas i dtreo Isis Uí Drisceoil, ach ar dtús bhí orm an bealach timpeall Inis Píc a chríochnú ar dtús.

Lá an deas ar an uisce a bhí ann. Seo thíos an fhíseán ón lae.






No comments:

Post a Comment