Agus mé ag déanamh ar Barr an tSrutha le haghaidh an cruinniú ISKA, thug Rob Scanlon cuireadh dom dul amach leis, agus le dream beag ón oirthear.
Bhuaileamair le chéile ar Inis Ní. Bhí cuma an-difriúil ar an áit inniu i gcomparáid leis an am seo anuraidh.
Chuaigh an cúigear againn ó dheas i dtreo Inis leacan, agus bhí píosa spraoi againn i measc na carraigeacha agus na sceireacha ann. Bhíos ag caint le fear darbh ainm John ar an slí, agus tar éis tamall thugas fé ndeara gurb Oru Paddler a bhí ann.
Ar ár slí timpeall, chonac inneall mór ina luí ar na carraigeacha, agus chuas chun é a iniúchadh.
Longbhá a bhí ann cinnte, ach ní raibh sé soiléir cá raibh an méid eile de.
I ngan fios dúinn, MV Patriarch a bhí ann. Long beag adhmaid a chuaigh trí thine agus scriosadh anseo i 2004. Scéal casta atá ann fé briseadh an long seo.
















No comments:
Post a Comment