Wednesday, 22 May 2024

20240522 - Turas Campála - Lá 1 - An Caiseal go dtí Inis Ní.

Bhí sé socraithe agam míonna ó shin, siar i mí Eanáir, sluaíocht a dhéanamh an tseachtain seo, áit éigin in Éirinn. Thuairimíos go mbeadh áit éigin timpeall na tíre le dea-aimsir, nú scáil óna síne ar a laghad, pé dáta a bhí i gceist.
Ní ba ghiorra leis an am, thugas fé ndeara go mbeadh an gaoth réasúnta láidir, agus ag teacht aniar aduaidh. Bhí an cuma ar an scéal go mbeadh cladaigh Chonamara oiriúnach san aimsir seo. Foscadh ón dtuaisceart, agus an chuid oileáin agus bánna le thaiscéal dá mbeach sé uafásach ar fad.

Fós, ní raibh aon eolas áitiúil agam ar an áit, agus dá bhrí sin, dheineas teagmhála le beirt cadhcóir gairmiúil lonnaithe i gContae na Gaillimhe, Shane McElligott agus Jim Morrissey, ag lorg aiseolas ar mo phlean, agus moltaí go ginearálta. Nach ait an rud é, ach fuaireas comhairle iomlán éagsúil uathu beirt. Dúirt Shane nach mbeadh an áit seo oiriúnach dúinn, agus dúirt Jim go mbeadh an-am againn ann.

Ábhar machnamh a bhí ann sa dá mholta siúd, ach ag an deiridh, chinneas dul le comhairle mo shrón féin - bhíomair ag dul go Conamara.

Ag tús na bliana, bhí dream maith as mo ghnáth comrádaí ag cuir suim teacht ar an dturas, ach de réir a chéile, duine i ndiaidh a chéile, thug siad a gcuid leithscéil. Ag an deireadh, ní raibh fágtha ach ceathrar againn - Tess Glanville (iontaofa mar is gnách), Geraldine Murphy, Antje Danneberg agus mise.
Ní raibh aon taithí agam ag céaslú le Geraldine ná Ant roimh inniu, ach tá a fhios agam ná fuil mórán taithí ag Ant. Tá an teastas Leibhéal 3 ag Geraldine. agus glacaim leis go mbeidh sí ceart go leor mar sin.

Bhuaileamair le chéile ag Caiseal ar maidin, ag Eaglais San Séamas, agus d'fhágamair na báid agus an trealamh ar fad ann. Ansin bhogamair na carranna go dtí Droichead Scríbe, agus d'fhilleamair ar ais i mo veain. Sin déanta, bhí sé soiléir cá raibh ár gceann scríbe - tá trí oíche agus ceithre lá againn chun na carranna a bhaint amach. Tá sé suas chugainn agus an aimsir amháin as seo amach.


Nach álainn an áit í Bá an Chaisil.

Bhíomair ag dul ar snámh ar díthrá - tús salach ag siúil tríd an clábar.

Tess ag sú suas an ghrian.

Mise agus Ant. Cé ná fuil mórán taithí aice, beidh sí
ag dul timpeall Isola d'Elba níos déanaí i mbliana.

Bhí an aimsir an deas nuair a fhágamair An Caiseal, ach bhí fios maith agam go mbeadh an gaoth ag neartú i rith an iarnóin. Bhí tuairim againn campáil ar an tráigh ag Maíros, ach fan go bhfeicfimid.
Ag an tús bhíomair go breá. Foscadh ón ngaoth agus tírdhreach nua agus éagsúil le feiscint inár dtimpeall. Ach nuair a shriochamair Salt Point, bhraitheamair an gaoth i gceart den chead uair. Um an dtaca sin, bhíos ag ceapadh go mbeadh Trá na Feadóige níos oiriúnaí dúinn, ó thaobh foscadh ón ngaoth de, ach arís, fan go bhfeicfimid.
Fós bhí gach rud ceart go leor. Chinneamair leanúint ar aghaidh i dtreo Oileán an Chlaí, ach ar an slí trasna, thugas fé ndeara go raibh an gaoth ag beochan go tapaigh, agus bhí duine nú beirt ag streachailt sna dálaí. Thugas comhairle dóibh ó thaobh sceigeanna, agus conas iad a úsáid sa ghaoth, ach bhí sé soiléir nach mbeimid ag déanamh cor bealaigh timpeall an oileán.
Leanamair ar aghaidh ó Oileán an Chlaí, trasna go dtí Inis Ní, agus bhí foscadh beag againn ann.

Chloíomair le cladach an oileán sin, ag dul ó dheas, ach ag an bpointe sin bhí réablacha gaoithe ann, agus bhíos buartha go raibh cúrsaí ag dul in olc. Go tobann chonac cuas leathan, le duirling ag an mbarr, agus áit beag féarach ann.
Bhí Tess beagán chun tosaigh díreach ansin, agus ligeas scairt mhór asam, agus dhíríos í casadh isteach ann. Bheadh campa againn anseo anocht!




Ní raibh sé foirfe, bhíomair ag campáil fé lom na gaoithe, agus bhí na carraigeacha an-mhór ar an nduirling, ach bhí gach duine sábháilte agus compordach.
Tar éis cúpla uair a chloig bhí an chuid ba mheasa den ngaoth caite. Bhí tine beag bídeach againn, agus píosa caint agus craic, ach bhí an eachtra tosnaithe gan amhras!














No comments:

Post a Comment