Bhíomair ag campáil cóngarach le Rinn na Spáinneach aréir, ach dá bhrí an drochaimsir agus tonnta millteanacha ar an gcósta iartharach, chinn an t-eagraí Fiona go raghfaimis go dtí Inbhear na Sionainne, áit atá foscaithe go maith, ach neart fós le feiscint.
![]() |
| Scoth an bhia! |
![]() |
| Thugamair féin an samhraidh linn. |
![]() |
| An dream cruaidh ag fanacht thar oíche. |
Bhuaileamair le chéile ag Cill Bheathach agus chuamair siar i dtreo An Dún Mhóir (Oileán na gCapall).
Bhí carraigeacha den chéad scoth ann le haghaidh spraoi sna tonnta, agus uaimheanna agus geolaíocht fíor suimiúil ar fud na háite.
Bhí carraigeacha den chéad scoth ann le haghaidh spraoi sna tonnta, agus uaimheanna agus geolaíocht fíor suimiúil ar fud na háite.
Nuair a shcriochamair Oileán na gCapall, bhí na dálaí ag éirí fíor spreagúil, agus rinneadh an cinneadh casadh thart agus dul ar ais i dtreo Cill Bheathach le haghaidh sos beag, agus ina dhiaidh sin leanúint go dtí Carraig an Chabhaltaigh (an áit a d'fhágamair na carranna roimh ré)
D'aimsaíomair tírdhreach fíor suimiúil ar an slí. Aillte gleoite. Uaimheanna. Áirsí den chéad scoth. Píosa surfála. Long raice, agus breis.
Fén am a thánamair isteach go Carraig an Chabhaltaigh, bhi an ghrian ag taitneamh, agus deireadh deas de lá iontach a bhí ann.
An maidin dar gcionn, dheineas an cinneadh gan dul ar snámh, agus chuas go BAC - bhí gnó teaghlaigh ag fanacht liom ann.






No comments:
Post a Comment