Saturday, 3 December 2022

20221203 - Traigh Omna do dtí Dún na Séad.

Leis an réamhaisnéis oiriúnach, agus an taoide ag sruthlú ar an treo ceart, chinneamair dul ó bhunáit an chlub i dTraigh Omna go dtí Dún na Séad inniu.

Cé ná fuil sé ró-fhada, stiall den chósta gan rogha teacht amach nú casadh timpeall atá ann. Ní foláir duit a bheith tiomanta chun triail as, agus dá bhrí sin, sa gnáth caint i measc na cadhcóirí, tugtar committed, nú committing ar phíosa cósta mar seo. Cinneadh dochúlaithe atá ann nuair atá an turas tosnaithe.

Amy Walsh, Dave Elwood (chun tosaigh), Ronan O'Brien (sa lár),
mise (ar snámh), agus Anna O'Keefe.

D'éirigh go maith linn ag imeacht as Bá Traigh Omna, an gaoth lenar dtóineanna. Nuair a bhaineamair Carrigathorna (Carraig an Tiorna?) amach, do bhí sruth an taoide linn freisin, cé go raibh an fharraige ag oibriú i gcónaí agus beagán scaobach.

Tar éis tamall, thosnaigh duine amháin den criú ag titim siar. Nuair a d'fhiafraigh mé dé an raibh sé ceart go leor, d'fhreagair sé nár mhothaigh sé ró-mhaith.
Bhíos buartha ar dtús go raibh rud éigin tromchúiseach ag cuir as dó, ach tar éis tamall, chaith sé amach a bhricist, agus bhí a fhios agam ansin ná raibh ann ach tinneas farraige.
D'fhágamair an 'othar' ag Trá Phraisce, agus lean an dream eile ar aghaidh go dtí Dún na Séad.


Dave Elwood, Amy Walsh & "Lott's Wife".

Turas den scoth a bhí ann, in ainneoin an 'eachtra' ar an slí.

Dála an scéal, phiocamair an taismeach suas ag Óstán Uí Chathasaigh, agus é breá compordach ann.


No comments:

Post a Comment