Monday, 12 December 2022

20221217 - Cadhc nua...eile!

Bhí sé soiléir ag an gcruinniú ISKA, agus mé ag déanamh teagascóireachta le 'Mad Dog' ná fuil mo cadhc deas álainn Romany oiriúnach le haghaidh úsáid garbh coitianta mar seo.

Cúpla seachtain ó shin, fuaireas cadhc Cath Russell ar iasacht chun triail as. Dagger Stratos L atá ann, agus bhíos breá compordach ann, ar an mbánuisce ag Loch Oighinn, agus amuigh sna tonnta ag briseadh in measc na carraigeacha.

Táim ag obair ag Cionn Mhálanna fé láthair, agus ag fanacht ag Carn Domhnach, agus ar mo lá saor, chinneas dul go dtí Doire agus cuairt a thabhairt ar Eglinton Kayaks
Nuair a shriocheas an áit, chonaic cadhc le cuma an-chosúil leis an Stratos, agus d'iarr mé an úinéir cead suigh isteach ann. P&H Virgo HV a bhí ann, agus bhí sé breá compordach, agus bhí mothúchán maith agam fé. Ach bhíos anseo chun Stratos a cheannach, agus bhíos chun é sin a dhéanamh go díreach...ach, ó eagla go heagla, d'iarr mé air cead suigh isteach ann freisin ar dtús. Agus níor chreideas é, ach ní rabhas in ann suigh isteach i gceart in aon chor. De réir dealramh, tá Dagger tar éis leagan amach an Stratos a athrú ónar cheannaigh Cath a ceann roinnt blianta ó shin.

Anois bhíos i bponc. Bhíos tar éis triail as an Stratos, ach ní raibh aon eolas agam fén Virgo. Bhí botúin déanta agam san am atá caite ag ceannach cadhcanna gan triail astu, ach chuas sa seans, agus cheannaíos an Virgo.

Nuair a fhilleas ar ais go dtí Ard Mhálanna, chuas amach ar feadh tamall beag ag Port Ronán chun triail as. Ní raibh díomá orm.



No comments:

Post a Comment