Sunday, 20 August 2023

20230819&20 - Turas campála, Bá Bheanntraí.

Le linn an seachtain saoire sa Bhuailtín, bhí súil amháin agam ar an réamhaisnéis i gcónaí. Bhí an deireadh seachtaine seo curtha go leataobh míonna ó shin, agus mo chomrádaithe ag súil le turas campála, nú bheidís curtha as dom. Dúras leo míonna ó shin, "Muna bhfuil anfa ann, raghaimid ar thuras áit éigin". Ach cad a bhí ag teacht inár dtreo, ná stoirm uafásach - i lár an tSamhraidh.

   



An príomh aidhm a bhí againn ná aistear a dhéanamh timpeall na Blascaodaí, ach leis an réamhaisnéis seo, bheadh sin dodhéanta.
Chuaigh béal na stoirme tharainn oíche De hAoine, ach bhí sé le bheith gaofar go leor ar an Sathairn.
Tar éis an-chuid díospóireacht ar WhatsApp, chinneamair dul go dtí Bá Bheanntraí agus turas le cóir na gaoithe a dhéanamh ann. Níl an ceann scríbe sin chomh rómánsúil dúinne, ach is ar éigin atáimid in ann aon rud a dhéanamh leis an aimsir seo.


Chuireamair isteach san uisce ag Dún Baoi, gar le Baile Chaisleáin Bhéarra, agus ar dtús bhaineamair triail as dul amach tríd bhéal an chuan (idir An tOileán Mór agus an mórthír), ach bhí tonnta ollmhóra ag teacht isteach ón mbá. Chuamair fada a dhóthain chun taobh deisceart an oileáin a fheiscint, agus bhí sé breá soiléir go raibh sé ina scaobach ann, agus bhí orainn iompú thart agus déanamh i dtreo Cuan Bhéara.

Bhí an codarsnacht idir na dálaí sa chuan agus lasmuigh dochreidte. Bhí céaslóireacht deas éasca againn go dtí Lawrence Cove, agus a bhí lón againn ag an mbaile bhig Raerinn.

Raerinn.

Ronan O'Brien, mise, Aidan Murphy, Tess Glanville,
Jimmy Murphy, agus Joe Quinn leis an mburgar!

Cé go raibh an gaoth agus an fharraige ag laghdú go mall, diaidh ar ndiaidh, fós ní raibh sé ciúin nuair a bhaineamair Pointe an Longfoirt amach. Tar éis féachaint air ar feadh cúpla nóiméid, chinneamair leanúint ar aghaidh, agus bhí turas an-bríomhar, le cóir na gaoithe againn, thar an teach solais Róncharraig Mhór (gan deis ar bith stopadh chun féachaint), agus ar aghaidh go dtí Bá Trá Phraisce.

Teacht i ngar le Róncharraig Mór. Deacair fótagraf a ghlacadh sna dálaí seo.


Jimmy Murphy - breá compordach, mar is gnách.

Chuamair i dtír ag an gcaladh beag i dTrá Phraisce, agus d'aimsaíomair spota oiriúnach le campáil ann, cé go raibh sé beagán cruaidh.





Tar éis athrú éadaí tapa, shiúlamair an achar beag go dtí The Wild Atlantic Bar le féachaint ar an gcluiche rugbaí, agus beagán de sólaistí!
Nach iontach an comhtheagmhas a bhí ann go rabhamair ag campáil chomh gar leis an áit seo :)
Mise, Tess, Joe.

Bua Éire.

Ina dhiaidh sin, bhí sé in am dinnéar a dhéanamh, agus an tine champála a lasadh.



Maidin inniu (De Domhnaigh), bhí feabhas tagtha ar an aimsir, agus shocraíomair dul ar snámh arís.



Thógamair ár gcuid ama ag dul i dtreo Gleann Garbh, ag féachaint ar an tírdhreach agus an geografaíocht dhaonna na háite (mianadóireacht srl.).

Joe Quinn.

Joe, Ronan, Aidan, Tess.


Teacht isteach go Gleann Garbh.

Ag deiridh na dála, ceapaim gur bhain gach éinne sult as an aistear, in ainneoin an drochaimsir.

Agus ní mór dom a rá, ár míle buíochas do Joanne as sinn a phiocadh suas i nGleann Garbh agus a thabhairt ar ais go dtí Dún Baoi.


No comments:

Post a Comment