Wednesday, 16 August 2023

20230816 - An Triúr Deirféar

Táim i gCorca Dhuibhne ar feadh seachtain arís i mbliana. Tagann an teaghlach ar fad anseo gach bliain le haghaidh an Saoire Gaeltachta. Bhí sé eagraithe ag Glór na nGael le blianta anuas, agus roimhe sin, ag Comhluadar.

Fanann muid i mBrú na Gráige  i gcónaí, agus tá radharc álainn amach an fhuinneog ann, trasna ar An bhFiach, Ceann Sibéal agus Na Triúr Deirféar. Tá an méid sin ama caite agam féachaint ortha, bliain in aghaidh bliana, do bhí dúil mór agam dul ann le haghaidh taiscéalaíochta le fada.

An radharc ó Brú na Gráige.

Níl na páistí chomh óg anois 'is a bhí siad, agus is féidir liom imeacht ar feadh tamaillín chun mo rudaí pearsanta a dhéanamh.

Le dea-aimsir geallta sa réamhaisnéis, chuas i dteagmháil le Brenda O'Shea, céaslóir den scoth bunaithe sa Daingean. Bhí sí saor agus sásta teacht amach liom. Bhí suim ag Niall Leahy teacht freisin, agus go tobann bhí triúr againn ann - an figiúr draíochta!

Cadhc Brenda, agus mo chadhc; an dá cheann deartha ag Nigel Denis.



Brenda agus Niall, ag déanamh a tslí amach as Cuan Ard na Caithne.







Brenda agus Na Fochaisí.





Ag féachaint soir, i dtreo Cnoc Bréanainn.

Bhuel, caithfidh mé a rá go raibh sé fiú an feitheamh!
Failltreacha rite, pluaiseanna, madra uisce, farraige suain, spéir gorm, long chabhlaigh, comhluadar mín.
Cén rud eile a bheadh ag teastáil uait ar aistear lae mar seo?




Mise.

Mise, Niall, Brenda.



Niall, Brenda, mise.








Inis Tuaisceart.


An Tiaracht agus Inis Tuaisceart.

Brenda ag Gob Chorráin an Fhiagh.

Ag dul i dtreo Cuas an Chaca.




 
 
Táim chomh sásta le rí anocht. Cé go raibh an aistear son cuimseach gairid, bhí sé speisialta domsa.





No comments:

Post a Comment