Friday, 13 December 2024

20241213 - Bá Chúirt Mhic Shéafraidh

Ar ais ag an mbaile ar feadh seachtain cheann féin, bhí dúil agam dul amach ar thuras breá, agus bhí deis agam é a dhéanamh inniu le mo chomrádaí Debbie Heaphy.

Chuireamair isteach ag Trá an Daill, agus chuamair amach go dtí Rinn an Bharraigh, agus as san i dtreo an teach solais ar An tSeancheann/Dún Mhic Phádraig.

Dálaí breá bríomhair ann ag an tSeancheann.



Bhí suim againn dul tríd na tolláin ag Hole Open Bay, ach ní raibh na dálaí oiriúnach dúinn.


Bhí sos lóin againn ag trá bídeach, fíor príobháideach, lastuaidh de Hole Open Bay.

I ngan fios dom, um an dtaca seo, bhí poll i mo chadhc, agus uisce ag teacht isteach.


Seo thuas mo fhíseán ón dturas. Is féidir an nóiméad a chuir mé poll sa bhád a chlois. 😖

 

Agus toisc go rabhas ag braith meirg ar mo chuid scileanna, chinneas mo rolla a chleachta, an fhíseán seo thíos.




No comments:

Post a Comment