Monday, 23 December 2024

20241223 - Cruinniú roimh-Nollaig

D'eagraigh Anna O'Keefe turas beag inniu, amach as Barlóg. 

Do bhí an gaoth aniar aneas le héirí san iarnóin, agus bhí suaille suntasach ag teacht isteach cheanna féin. Chinneamair dul timpeall Oileán an Daimh, agus roinnt áibhirseoireacht a dhéanamh timpeall na carraigeacha ann.

Ina dhiaidh san, chuamair go dtí Na Fánsruthanna, ach ní raibh mórán spraoi le fáil ann.

Turas deas roimh an Nollaig a bhí ann, agus seo thíos mo fhíseán ón lae.



**************************************************
Uasdátú

Chinneas an físeán gairid seo a chuir suas ar leathanach Facebook darbh ainm "Sea Kayakers".
Níor chuimhníos ar arís, ach tar éis cúpla lá, thugas fé ndeara go raibh an-chuid tráchta ar an bhfíseán ar YouTube, agus ansin chonac go raibh breis is naoi míle "views" air, agus ar éirí go tapaigh.
Is é seo mo chéad físeán mearscaipthe!


 

No comments:

Post a Comment