Bhí gnó agam i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo, agus ghlacas an deis bualadh le mo chomrádaí Moira Creedon. Tá cónaí uirthi i mBré, agus tá sain-aithne aici ar an gcósta thoir.
Bhuaileamair le chéile ag Cuan Bhlóic, agus chuamair ó dheas, le taobh cósta Deilginis, ag féachaint ar na tithe móra ar ár slí.
![]() |
| Ag féachaint thall ar Oileán Dheilginise. |
![]() | |
| An-chuid ama caite agam ar na sléibhte siúd i m'óige, Ceann Bhré, Giolaspar agus Ó Cualann. |
Sin feicthe, chinneamair dul trasna go dtí Na Muiglíní, bealach Oileán Dheilginse.
Ansin chinneamair dul díreach i dtreo Ceann Bhré, le sruth na taoide.
Bhí an dul an-deas, ach sara shriochamair an ceann tíre, thugas fé ndeara go raibh uisce i mo chadhc. Stopamair ag duirling beag leana taoscadh amach.
Bhí an dul an-deas, ach sara shriochamair an ceann tíre, thugas fé ndeara go raibh uisce i mo chadhc. Stopamair ag duirling beag leana taoscadh amach.
Mhol Moira stopadh ag trá Cill Iníon Léinín, in aice leis na seomraí tae, le haghaidh sos lóin.
Um a dtaca sin, bhí uisce i mo bhád arís, agus thugas fé ndeara go raibh fadhb ann. Is cosúil go raibh ní bá mhó dochar déanta don cadhc ar an tráigh i mBaile Ghearóid cúpla lá ó shin ná a shíleas.




















No comments:
Post a Comment