An aidhm inniu ná dul timpeall Inis Arcáin. Chuaigh mise, Joe Quinn, Jimmy Murphy agus Tess Glanville amach as Dún na Séad, trasna an cuan i dtreo Lousy Rocks agus ar aghaidh go dtí An Súnta.
Ag tuaisceart an oileán, ag Súnta Bhoirne, bhraitheamair sruth an taoide ag trá, agus na tonnta móra ag teacht isteach ón iarthar. Ach ba chuma linn - buíon láidir agus cróga a bhí ann ar an uisce inniu. leanamair ar aghaidh go dtí Drowlaun Point, agus timpeall go dtí Traígh Airgid.
Bhí píosa spraoi againn ann sa bhruth, agus sos beag ansin.
Nuair a chuamair ar snámh arís, thrasnaíomair an cuan go dtí Pointe Inis Arcáin. Um an dtaca sin, thugas fé ndeara go raibh botúin seafóideach déanta agam. Bhí an taoide ag trá, nú ina aife, agus dá bhrí sin bheadh an sruth ar an taobh theas den oileán ag dul siar ó dheas - díreach inár n-aghaidheanna ar an slí ar ais go dtí Dún na Séad.
Chinneamair leanúint ar aghaidh tríd Súnta an Ghaisceanáin, go dtí Rinn na Boilge, agus dhéanfaimis measúnú ann.
Cé go raibh an fharraige réasúnta corraithe ann, bhí sé sách soiléir nach raibh mórán sruth taoide ann, agus chinneamair leanúint ar aghaidh.
Chomh maith leis an radharc álainn ar an ndúlra inár dtimpeall, bhí deis againn féachaint ar long cabhlach ag déanamh cuardach taobh theas de Dún na Séad. Ag lorg drugaí, nú "mother ship" a bhí siad, is dócha. Bhí eachtra ar nós 'Miami Vice' againn i dTraigh Omna cúpla lá ó shin.
![]() |
| Joe Quinn sa chúr. |
![]() |
| Ag druidim ar an Rabhchán. |
![]() |
| An teach solais ar Phointe na Beairice. |
![]() |
| Jimmy & Tess. |
Bhí sé in am lón ag an bpointe seo, agus bhí sos againn ag an bhfánán ar cois na mainistreach.
![]() |
| An Mhainistir. |
![]() |
| Lousy Rocks. |
Braithim an-láidir i mo chéaslóireachta fé láthair. Dé gnáth bíonn ceithre sheachtain agam sa bhaile, agus bím ag dul amach chomh minic agus is féidir i rith an ama sin. Ach i gcónaí tagann an am imeachta ró-luath, agus ansin bíonn ceithre nú cúig seachtain agam ag lagú ar an long. Ach an seal deireanach, bhí deis cadhcála agam agus mé ag obair, mar sin níor tharla an lagú sin, ach neartú ina áit. Mothaíonn sé go maith. Tugann sé muinín dom.












No comments:
Post a Comment