Monday, 11 March 2024

20240311 - Baile Riosóid go dtí Cill Chóiche

Bím ag féachaint siar ar mo chuid riain óna turais atá déanta agam thar na blianta, agus táim ag tabhairt fé ndeara go bhfuil formhór an cósta Contae Chorcaí céaslaithe agam anois. Ach idir mór agus beag, tá bearnaí ann, agus ceapaim go ndéanfainn iarracht na bearnaí sin a dhúnadh luath nú mall.

Agus sa meoin smaointe sin, ní mór dom Bá an Tuair Mhóir a dhéanamh. Chuas trasna béal an chuain níos mó na uair amháin, ach níor thaiscéalas imlíne an bhá fós...go dtí inniu.

Dream iontaofa ar an uisce liom inniu, Dave Elwood, Tess Glanville agus Jimmy Murphy. Bhailíomair le chéile ag an gcé in aice an bádchlós Roaring Water Marine i gCill Chóiche. Tugtar Roaringwater Pier ar i mBéarla.
Shocraíomair an tointeáil agus d'fhágamair carranna ann, agus chuireamair isteach ag an tráigh mór le rá i mBaile Riosóid.


Taoide rabharta cónochta atá ann inniu, agus bhí sí an-íseal nuair a bhíomair ag imeacht. Bhí siúil maith againn an uisce a bhaint amach.

Chuamair timpeall an cuan go tapaigh agus trasna go dtí (agus timpeall) Oileán Ric Muine agus trasna go dtí Oileán Clutharach.


Tess Glanville, Dave Elwood, Jimmy Murphy.

Bhíomair ann ar an bpointe tráigh taoide, agus den chéad uair riamh, ní raibh bealach tríd ann.

Ina dhiaidh dul timpeall Oileán Clutharach Beag, chuamair ar faid taobh theas Inis fada, Oileán an Chaisleáin, Oileán an Chapall, agus isteach in Loch Trasna ceart.

Dave Elwood.

Jimmy, Tess, Dave.

Trasnú gairid ansin go dtí Oileán Manainn, agus an caisleán cáiliúil suite air.

Tess Glanville.



Achar gairid ansin soir ó thuaidh go dtí Cé Loch Trasna arís.


Béal an abhainn.

Aistear iontach eile a bhí ann. Bíonn aon lá in Iarthar Chorcaí iontach, an fhirinne a rá, ach go háirithe ar an uisce.






No comments:

Post a Comment