Chinn Joanne go raibh sí ag iarraidh rud éigin a dhéanamh le linn an saoire scoile, agus d'iarr sí orm i a thógaint amach chun féachaint ar na páistí ag an gcampa seoltóireachta ar Inis Uí Drisceoil.
Bhíos an-shásta i a thógaint amach, ach an botún a dheineas ná cuireadh a thabhairt do dhaoine eile. Ní ionadh go dtáinig an sean-iontaofa Tess linne.
Thosnaigh gach rud go breá, do bhí an aimsir den scoth, agus chonaiceamair na páistí ag seoladh, ach ansin chinneamair dul níos faide. As sin amach bhíos sínte amach idir dhá chuspóir - aire a thabhairt do Joanne, agus a bheith mar treoraí ar ghnáth turas.
Sara i bhfad, do bhí titim-amach againn, agus Joanne ag geallúint nach dtiocfadh sí amach in cadhc arís riamh.
An-oibre Tash.
A leithéid d'amadán. 😞
No comments:
Post a Comment