Friday, 2 August 2024

20240730 & 20240802 - Ranga Muir-eolas

Le cúpla bliain anuas, bhíos ag déanamh ranga muir-eolas/loingseoireacht, nú Essential Coastal Navigation, do cadhcóirí sa chlub WCKC, agus sa chlub Phoenix i gCorcaigh.

Bhí aiseolas dearfach agam óna ranga siúd, ach tá a fhios agam féin go bhfuil an iomarca eolas sa siollabas, agus téann cuid maith de ós cionn na daltaí. Dá bhrí sin, táim ag iarraidh ranga nua a chuir ar fáil anois - ranga praiticiúil, amuigh ar an uisce, seachas istigh i seomra ranga. Bheadh na ranga nua seo oiriúnach do dhaoine  a bhfuil an cúrsa ECN déanta acu cheanna féin.

D'eagraigh mé dhá ghrúpa, agus bhaineas úsáid astu mar muca guine. ag iarraidh fáil amach conas muir-eolas agus loingseoireacht a mhúineadh i gcadhc.

An chéad oíche, chuamair amach as Trá an Daill agus d'fhéacamair ar gnéithe éagsúla ar an gcairt loingseoireachta; carraigeacha fé tagra cairte, carraigeach os cionn tagra cairte, agus nithe ar an gcladach, faillte, cnoic, foirgnimh srl.

Ansin thógamair asamait ó rinn ar an gcósta, agus leanamair an treo lenár gcompáis. Ansin thógamair asamait ó trí phointe suntasach chun ár suíomh a dhaingniú le triantánú.

Hata cocach faighte ag Debbie.

Agus é ag éirí dorcha, ba mhian liom soilse agus baoithe a thaispeáint dóibh. Leis an aimsir chomh séimh, chinneamair dul amach go dtí an baoi Black Tom. Ní rabhamair in ann é a fheiscint, só thomhasamair an treo óna cairteanna, agus leanamair a asamat leis an gcompáis.





Tar éis tamall, bhíomair in ann an baoi a fheiscint, agus chuamair díreach chuige.
Ní bhíonn an fharraige chomh séimh seo go minic - de gnáth ní bheimist ábalta a leithéid a dhéanamh.




Simon Champ ó Phoenix.



Debbie Heaphy.


Bhíomair ag faire amach le haghaidh an solas rabhchán ag Wood Point, ach ní rabhamair in ann í a fheiscint, rud a chuir múisiam nach beag orm.
Dála an scéal, chuireas ríomhphoist isteach chuig na Coimisinéirí Soilse na hÉireann, agus fuaras freagra ar ais uatha ná fuil an solas san lasta fé láthair (féach thíos).


Pé scéal é, tráthnóna den scotha a bhí ann, bhaineamair go léir taitneamh as, agus tá súil agam gur fhoghlaim gach éinne rud éigint!


**************************************************


Mo tharna iarracht ag ranga ar snámh, bhuel, bhí sé éagsúil. 

Bhíos ag iarraidh é a dhéanamh gar leis An Scoil, toisc go bhfuil níos mó soilse agus gnéithe le feiscint ann, ach chinneas dul amach as Ros Brian, ag ceapadh go mbeadh sé níos ciúine ann, agus gar le Horse Ridge, áit luaithe in sna ranga sa seomra roimh ré.

Bhí sé ceart go leor ar dtús - chuamair amach as Ros Brian, trasna go dtí oileán an Chapaill, ag féachaint ar gnéithe suimiúla ar an slí.
Ansin leanamair ar treo-uillinn compáis go dtí na hOileáin Chárthaigh. Bhí sé beagán scaobach ar an slí amach ann, ach bhí gach duine sa ghrúpa ceart go leor. Fuaramair foscadh ag na hoileáin, agus dheineamair an triantánú ann



Jackie ag tógaint asamat.


Derry ag streachailt leis na hasamait.

Tráthnóna breá eile ar an uisce a bhí ann.


Ansin, agus é ag éirí dorcha, leanamair ar aghaidh i dtreo Bull Rock, ag béal cuan An Scoil, ach sular shriochamair baoi Amelia Rock, thugas fé ndeara go raibh duine den grúpa ag éirí an-lag.
Bhí an grúpa in ann soilse na baoithe agus rabhcháin a fheiscint, agus soilse ar bád ag teacht i dtír ón bhfarraige, ach ní raibh deis acu na soilse stiúrtha sa chuan a fheiscint. Do bhí orainn casadh ar ais i dtreo Ros Brian, toisc go raibh sé ag éirí déanach, agus do bhí ár dul chun cinn an-mall.

Tubaiste ar mhuin tubaiste, nuair a bhaineamair Ros Brian amach, bhí an taoide folamh, agus bhí orainn siúl tríd an clábar ar ais go dtí an cé.

Cé go rabhamair go léir tuirseach ag an deireadh, fós ceapaim gur fhoghlaim gach duine rud éigin - ach go háirithe mise!






***********************************************************************


To:Operations@irishlights.ie

Wed, 31 Jul at 00:20

Good morning, 

I was running an on-the-water navigation class yesterday evening in Courtmacsherry Bay, and it seems that Wood Point Light is either unlit, or operating at a greatly reduced luminosity. 
I can't find any Notice to Mariners about this light, so I thought I'd bring it to your attention. 

Yours truly, 

Tash. 


________________________________________________________



From:operations@irishlights.ie

Cc:ONSFiling

Thu, 1 Aug at 09:06

Good morning Tash,

Many thanks for your observation of the beacon at Wood Point.

The owners of the AtoN, Cork County Council are aware of the failure and are attending to it.

Please find attached the associated Radio Navigational Warning.

Kind Regards

Irish Lights




No comments:

Post a Comment