Saturday, 5 October 2024

20241005 - ISKA Siompóisiam - An Mhala Raithní - Béal an Bhulláin

Turas an-fhada a bhí ann, ach táim sa Mhala Raithní (Co. Maigh Eo) le haghaidh an siompóisiam 2024.

D'fhág mise agus Dave Elwood Iarthar Chorcaí i mo veain (lena leantóir ar chúl) maidin inne, agus shriochamair an óstán um tráthnóna.

Ni raibh deis againn dul amach aréir - ól agus caint amháin!

Radharc den scoth ón óstán.

Inniu, chruinníomair i ngrúpaí beaga bunaithe ar ár leibhéal oiliúint agus spéis imeachta ar an uisce.

Chinneas dul le Jon Hynes, ag lorg tonnta surfála ar an dtaobh thuaidh de Acaill.


Néalta mearbhlach ag barr An Sliabh Mór.

Chuamair do dtí tráigh Poll an Mhadaidh ag Dumha Goirt, ach bhí an fharraige chomh cothrom le pancóg ann.
Ní bheadh aon surfáil ann inniu.

An plean teagmhais a bhí againn ná dul go dtí Béal an Bhulláin, chun spraoi sa tonnadh taoide ann.
Nuair a shroicheamair Béal an Bullán, bhí an taoide ag trá go tapaigh. Bhí sruth ag 4 chnota (muirmhíle san uair) beag nú mór, le gaoth ag 30 cnota ag séideadh os a chionn.
Bhí sé cosúil le céaslú ar meaisín reatha ag iarraidh dul in aghaidh sin, ach bhí spraoi ann ag dul trasna, sall is anall ar feadh tamall.

Tar éis tamall, chinn Jon go ndéanfaimid beagán bainistíocht teagmhais chun an imeacht a chríochnú.




Le cúpla uair a chloig solais fós ann, chuaigh dream beag againn siar go dtí Tráigh an Chaoil chun an bruth a fheiscint ann.
Bhí tonnta de 4 méadar in airde ar an réamhaisnéis, agus sin an fáth ná chuamair ann ar maidin. Ta cliú agus cáil idirnáisiúnta ar An gCaol le haghaidh surfáil agus tonnta móra, ach bheadh 4m i bhfad an iomarca dúinn. 
Bhí se suimiúil le feiscint nach raibh na tonnta chomh mór san in aon chor, ach leis an gaoth láidir ag séideadh isteach tharstu, bhí siad an-salach.



Fós fiosrach, d'fhilleamair ar ais go dtí Béal an Bhulláin, chun é a fheiscint leis an taoide ag tuile.
Bhí díomá orm le feiscint nach raibh tonnta seasta ann ar chor ar bith. Níorbh ann ach meaisín reatha, ag dul ar an malairt treo.


No comments:

Post a Comment