Wednesday, 10 September 2025

20250910 - Tráthnóna Céadaoin

 Ar ais i dTráigh Omna arís anocht, agus farraige bréitseach a bhí ann arís.


Do bhí smugairle an tseoil caite suas ar an dtráigh ag na tonnta. Má tá ceann amháin ar an dtráigh, an mó acu atá fós sa bhá? Smaoineamh nach deas do na snámhóirí áitiúil.





Chuamair amach go dtí Pointe an Driseáin, ach scaradh an grúpa ann. Chuas agus dream beag ar aghaidh chun féachaint ar an ngóilíneach a thugtar "The Crack of Doom" uirthi, ach d'fhan Des ag an bpointe leis na núíosaigh.
Bhí an taoide lán, agus na tonnta mór, agus ní raibh deis ar bith dul ag spraoi sa ghóilíneach.
Ní mó na sásta a bhí Des liom as an ngrúpa a scaradh óna chéile, ach sin scéal eile.

D'fhilleamair ar ais bealach "Jezza's Rock", agus leanamair ar aghaidh i dtreo an tráigh.

Tar éis píosa spraoi ann, bhí deireadh leis an tráthnóna, ach chinneas mo scileanna féin-thartháil a chleachtadh, ach níor éirigh ró-mhaith liom in aon chor.

Níos mó cleachtadh ag teastáil.

No comments:

Post a Comment