Ina dhiaidh mo theip tráthnóna Céadaoin, bhí fios maith agam go raibh níos mó cleachta ag teastáil uaim.
Bhí Typhoon Tess agus Surfing Boots saor inniu, agus fonn ortha teach chuig an t-ineasclann liom le haghaidh seisiúin traenála.
D'éirigh go maith liom le mo rolla ar chlé, ach ta fadhb ann fós le mo roll ar dheis.
Fós bhí fadhbanna agam leis an athiontráil agus rolla, ach d'éirigh liom uair amháin, ar a laghad. Ansin, den chéad uair riamh, thriaileas as "The Dump", ach theip orm, dar ndóigh.
Seisiúin maith a bhí ann, ach tá a lán fós le déanamh agam, go mbeidh muinín agam arís.
Bhí dhá bhád ag Richard inniu, agus thug sé a P&H Leo dom ar iasacht ar feadh tamall, nuair ná raibh sé á úsáid. Ní rabhas ag súil go mbeadh sé chomh éagsúil ó mo P&H Virgo, ach bhí. Bhí a fhios agam go mbeadh sé beagán ní ba fhaide, ach chomh maith leis sin bhí an suíochán ní ba airde sa chró, agus an cabhail ní ba chaoile. Dá bhrí sin, bhí sé ní ba thapúla agus beagán ní b'éagobhsaí. Cadhc an-deas a bhí ann, agus an-éasca le rolláil.



No comments:
Post a Comment