Friday, 19 September 2025

20250919 - Bá Dhún Mánais

Táim ag teacht go tapaigh chuig deireadh mo shaoire, agus ba é seo mo chéad seans turas cadhcála a dhéanamh sa bhabhta seo.

D'eagraigh 'Downwind' Dave Elwood go mbailímid le chéile in Átha Chíste agus tháinig 'Typhoon' Tess Glanville agus Clara Laplaud freisin.

Leanamair ar aghaidh i dtreo Inis Cairbre agus Oileán an Aitinn. Bhí an aimsir breá ciúin, ach fós suaill mór ag rolláil isteach i sraitheanna, agus radharc iontach de fuinneamh na farraige a thug siad dúinn.
Bhí uaimheanna iontacha feicthe ag Tess gar leis na hoileáin le déanaí, agus bhíomair chun triail astu arís.

Ní raibh sé sa phlean agam ar maidin dul ag pleidhcíocht i measc na carraigeacha, agus ní rabhas gléasta le haghaidh snámha, ach leis na dálaí chomh foirfe sin, bhí orm beagán a dhéanamh.

Bhuel, ní rabhas ag súil leis an méid a tharla ansin.


Ní raibh aon dochar déanta, seachas do mo chuid bród, agus leanamair ar aghaidh chun lón a ithe ar Inis Cairbre.



Bhíos ag éirí fuar um an dtaca san, agus bhíos sásta filleadh ar ais go dtí na báid, le téamh suas ar an slí abhaile.

Dheineas cleachtadh beag eile ar mo rolla ag an deireadh, toisc go rabhas chomh feargach liom féin as snámh arís, ach ní dóigh liom go ndéanfadh sé aon difríocht. Tá an rolla agam. Tá rud éigin eile ar iarraidh áfach. Tagann scaoll de shaghas éigin orm gach uair a théim bun os cionn gan coinne, agus caillim mo stuaim. Níor dheineas iarracht fiú rolla suas inniu. Cén fáth san?




No comments:

Post a Comment