Tuesday, 4 November 2025

20251104 - Inbhear na Sionainne

cúrsa tréineála le déanamh agam amárach ag Arch Safety, agus dá bhrí sin táim ag caitheamh an oíche in aice Aerfort na Sionainne.
Cúpla lá ó shin, chuas i dteagmháil le Sinéad Frawley, cadhcóir den scoth le cónaí uirthi i gCill Rois, agus shocraíomair bualadh le chéile le haghaidh turas amach. Leis an drochaimsir ar an gcósta theas, chinn Dave Glasswell teacht amach in éindí linn.

D'thánag aneas ó Iarthar Chorcaí ar maidin, agus bhuaileamair le chéile um meán lae ag áit suimiúil Crodh Bhreacháin.

Bhí sé soiléir ón dtús go raibh srúill na taoide suntasach ann agus go mbeadh tionchar aici orainn an lá ar fad.

Thriaileamair ar an teach solais ar Charraig na Rón (Beeves Rock Lighthouse i mBéarla) ar dtús, agus do bhí lón againn ag bun an teach solais.


Ina dhiaidh sin chuamair trasna an srúill arís i dtreo Oileán na gCanánach agus radharc deas againn ar an mainistir ann.

Chinneamair ansin dul ó thuaidh i dtreo Oileán na gCoiníní.
Nuair a bhíomair leath slí timpeall, chonaiceamair beirt fhear ar an gcladach ag croitheadh a lámha orainn, agus chuamair chun cainte leo. Feirmeoirí a bhí iontu agus bhí siad ag iarraidh filleadh ar ais go dtí an mórthír, ach bhí a mbád ar an bhfeistiú agus an téad caillte acu. D'iarr siad orainn beagán cúnamh a thabhairt, agus bhíomair lán sásta é a dhéanamh.

Lean mise agus Sinéad ar aghaidh, timpeall an oileán ar fad, agus bhuaileamair le Dave arís ag an bpointe siar ó dheas den oileán.

Thógamair go bog é ag filleadh ar ais go dtí Crodh Bhreacháin, ach bhí ionadh orm cé chomh ard is a bhí an taoide nuair a bhaineamair ár gcarranna amach.


Lá an-deas a bhí ann, agus i bhfad ní ba fhearr ná eitilt go dtí Amstardam chun an cúrsa san a dhéanamh.

Seo thíos mo fhíseán ón lae.

Agus seo ceann Dave.





No comments:

Post a Comment