Bhíos-sa agus Richard tráthnóna inné ag plé roghanna le haghaidh an deireadh seachtaine, agus shocraíomair ar turas éasca agus suaimhneach ar an mBandan arís, ó Béal Átha Fhínín síos go dtí Droichead na Bandan.
An uair deireanach nuair a bhíos ar an bpíosa seo den abhainn, bhí an leibhéal an-íseal, timpeall 0.4m @Béal Átha Buí, ach an scríobach an lá sin. Inniu bhí sé timpeall 0.8m, agus an-difriúil dá bhrí sin.
Bhí srúill tapaidh ann, agus muna rabhamair ag tógaint ár gcuid ama ag pleidhcíocht ag na droichid srl. bheimis ag an deiridh ró-luath.
An-spraoi ar fad a bhí ann, agus míle buíochas do Majella (bean Richard) as sinn a phiocadh suas i nDroichead na Bandan.


No comments:
Post a Comment