An deiridh seachtaine seo táim i gContae an Chláir le mo sheanchairde. Tá teach ar cíos againn i gCoillte, agus beimid ag imirt cluichí (cártaí srl.) leis an gcuid is mó den am. Ach ar maidin, bhí deis agam dul amach le Bren ar feadh tamall beag.
Chuamair amach ón gcé ag Ceathrú na gCros, nú Seafield mar a thugtar air i mBéarla, le fonn orainn dul timpeall Oileán Caorach, ach do bhí suaill iontach mór ag teacht isteach aniar agus dá bhrí sin bhí na dálaí corraithe an dhóthain.
D'fhoghlaim Bren agus mé féin ár gcuid cadhcáil le chéile mar ghasúir sna Gasóga Mara i mBaile Cliath, ach sa lá ata inniu ann bíonn sé an cleachtadh ar an abhainn Elbe in Dresden - áit a bhfuil na huiscí mín i gcónaí. Níl sé chomh chompordach sna dálaí clabach a thuilleadh agus chinneamair casadh timpeall tar éis tamall.
Mar sin féin, bhí sé an deas bheith amuigh lé chéile arís (an chéad uair le blianta), bhí píosa spraoi againn, agus an-chuid caint agus craic.

No comments:
Post a Comment