Saturday, 31 January 2026

20260131 - Seisiúin linne.

Ba é an seisiúin linne deireanach na bliana anocht é, agus bhíos meáite go mbainfinn gach aon tairbhe as.

Thógas an P&H Virgo agus an Dagger Rewind liom, agus bhaineas trial as an P&H Scorpio ag Matthew.

Thosnaíos sa Virgo, agus bhí Ronan ag cabhrú liom - ag féachaint orm ag iarraidh mo chuid botúin a fheiscint agus comhairle agus ais-eolas a thabhairt dom. Ag an am céanna, bhí sé á mo thaifead leis an nGoPro, ionas go féidir liom féachaint ar mo chuid bhotúin mé féin!

Ar dtús, bhaineas triail as an athiontráil a dhéanamh, agus dar ndóigh níor oibrigh sé. Chuas siar ansan le cúpla rolla a dhéanamh. Le ais-eolas ó Ronan fé mo rothlú colainne, go tobann bhraith cúrsaí i bhfad ní b'fhearr.

Bhaineas triail as an athiontráil arís, ach ní rabhas réidh fós. Ansin dheineas malartú le Matthew. bhain seisean triail as an Virgo, agus bhaineas féin triail as a Scorpio.
An chéad rud a bhraiteas sa Scorpio ná go raibh an cró mór go leor, agus go raibh an fearas i bhfad ró-scaoilte. Is fear mór é Matthew, cosúil liomsa, ach níl sé chomh mór san, agus san cuid den fhadhb atá aige ag iarraidh rolláil, measaim. An tarna rud a fhoghlaimeas ná go bhfuil an Scorpio an-éasca le rolláil.

Ina dhiaidh cúpla nóiméad ag pleidhcíocht sa Scorpio, chuas ar ais go dtí an Virgo chun iarracht amháin eile a dhéanamh ar an athiontráil - agus iontas na n-iontas, d'éirigh liom (ar éigin).

Sásta sa Virgo ar feadh tamall, bhogas go dtí an Rewind
Tháinig spadhar éigin orm cúpla bliain ó shin an cadhc bán-uisce seo a cheannach, ach an fhirinne a rá, níor bhaineas mórán úsáid as mar níl an "half-slice stern" oiriúnach dom, ach go háirithe ar fhíoruisce reatha "bán". Téim ag surfáil inti, ó am go chéile

N'fheadar cén fáth, ach tagann an rolla níos éasca dom i mbáid bán-uisce beaga mar seo. Ceapaim go bhfuilim ábalta neart a úsáid iontu seachas teicnic ceart, ach b'fhéidir go bhfuil níos mó ná san i gceist.
Pé scéal, bhí píosa spraoi agam sa Rewind anocht sa linn.

Bhí an seisiúin nach mór thart um an bpointe seo, agus bhíos meáite athiontráil ceart amháin eile a dhéanamh roimh imeacht - le faoiseamh í mo chroí, d'éirigh liom.

Bead ag dul ar ais ag obair go luath, agus is é seo mo sheans deireanach aon cadhcáil a dhéanamh le tamall. Tá súil agam go mbeinn in ann an muinín seo a iompar liom go dtí mo chéad deis eile, agus mé amuigh sa fiántacht.



No comments:

Post a Comment