Tá mo chuid ama sa seal seo abhaile ag teacht chun deireadh anois, agus bhíos ag iarraidh gach aon deis a ghlacadh dul amach agus úsáid a bhaint as an Taran ach go háirithe.
Bhí dúil agam triail aisti in uisce reatha, nú srúill, agus áít an-oiriúnach de sin ná an t-ineasclann ag Loch Oighinn.
Chuireas cuireadh amach do gach éinne sa chlub teacht amach liom, ach moch maidin De Sathairn bhíos fágtha i mo aonar. Ní rabhas chomh sásta dul ann gan tacaíocht, ach chuas amach ar aon nós.
Chomh luath is a bhaineas an t-ineasclann amach, bhraitheas fad an bháid go díreach. Cinnte go raibh luas ann - bhíos ábalta dul in aghaidh an srúill go dtí na tonnta chónaitheach go réidh, ach bhraitheas an-chiotach ag dul trasna an tsrutha.
Bhraitheas an-neamhsheasmhach ag dul trasna, agus de dheascaibh sin bhí orm buillí tacaíochta a dhéanamh. Dá mbeinn ag déanamh buillí tacaíochta, ní rabhas ag déanamh buillí chun tosaigh - agus dá bhrí sin, ní raibh mórán éifeacht le baint as an stiúir.
Tar éis tamall beag, cheapas ná rabhas ró-chompordach níos mó a dhéanamh i m'aonar, ach chinneas beagán cleachta rollála a dhéanamh in áit éadomhain roimh filleadh ar ais.
Cheapas go mbeach sé seo fuirist a dhóthain ina dhiaidh mo chleachtadh sa linn an tseachtain seo chaite, ach bhí dul amú orm!
Theip orm an chéad iarracht agus an dara iarracht. Bhí rolla iontacht agam ar an triú iarracht, ach theip orm arís agus arís eile ceithre uair ina dhiaidh sin. Bhíos mearaithe agus cuirthe as fé seo. Ní raibh fhios agam cad difriúil a bhí á dhéanamh agam an uair a d'oibrigh sé óna huaire nár oibrigh sé. Cad a bhí difriúil á dhéanamh agam sa linn?
Ar an slí abhaile, chuireas glaoch ar Ronan agus d'iarras ar cúnamh a thabhairt dom sa linn anocht. Ní mór dom fáil amach faoi dheireadh is faoi dheoidh cad atá ag dul amú le mo rolla.
No comments:
Post a Comment