Tá an aimsir dochreidte anois. Gan puth gaoithe inniu, lá an-oiriúnach dul amach go dtí Carraig Aonar - ceann scríbe mór ar an mbucket list ag gach céaslóir-mara in Éirinn.
Bhíomair ag baint úsáid as an gcóras Elwood inniu - 10km amach as An Scoil go dtí Trá Chiaráin, sos beag ann. 10km ó Thrá Chiarán amach go dtí "An Carraig". 10km ar ais go dtí Trá Chiarán, sos lóin ann. Agus ar deiridh, 10km ar ais fo dtí An Scoil.
Bhí slua deas ann, ach chinn cúpla acu fanacht le haghaidh grúpa eile nuair a bhaineamair Trá Chiaráin amach. An iomarca deoch aréir, measaim.
Bhíos sa chadhc beirte le Debbie inniu, agus bhí sí ag triail as an gcéasla eiteach. Bhíos ag magadh fúithi agus a cuid droch-theicníocht.
Deilfeanna móra le feiscint gar leis an gcarraig.
![]() |
| Caroline agus Debbie ag ceiliúradh dul i dtír ar an gcarraig. |
![]() |
| Róisín Watt ag dul timpeall an carraig. |
![]() |
| Róisín Watt, Sinead Frawley, Moira Creedon. |
Ar ais ag Trá Chiaráin, bhí lón deas tuilte againn, agus sceitimíní orainn ar fad.
![]() |
| Caroline Schofield, Moira Creedon, Tess Glanville Sinead Fawley, Debbie Heaphy...agus Dave Elwood áit éigin. |
Agus iontas amháin eile ar an slí ar ais go dtí An Scoil.






.jpg)










No comments:
Post a Comment