Saturday, 18 May 2024

20240518 - ISKA - Carn Uí Néid

ISKA lá a dó - Dé Sathairn. Cuas Uí Cháinte go dtí Góilín, timpeall Carn Uí Néid.

Bhíos ag mion-scrúdú an réamhaisnéis le tamall anuas, ag féachaint ar an dea-aimsir ag teacht, drogallach é a chreidiúint, ach bhí na réamhaisnéisí fíor  - tá an aimsir séimh tagtha, agus an-oiriúnach le haghaidh turas timpeall an leithinse Uíbh Eachach Múmhan, nú Carn Uí Néid.

Dream maith (ró-mhór?) a bhí ann, bailithe le chéile ag Canty's Cove, chuireamair isteach ag tráigh taoide, beagnach.



Moira Creedon.

An-difriúil ón uair deireanach a bhíos anseo.






Caladh An Tuar, áit ná raibh ar eolas agam go dtí le déanaí.


Pluaiseanna agus áirsí go leor in aice An Tuar.

Shriochamair an ceann tíre (Ceann na dTrí Chaisleán)
ag marbhshruth, díreach mar a bheartaíos.



Moira Creedon.







Dave Elwood, seanfhondúir cadhcáil-mara Iarthar Chorcaí.



Tá tollán an deas lastuaidh den teach solais, nach raibh ar eolas agam go dtí inniu.



Na cuairteoirí ag an teach solais.

An droichead cáiliúil Carn Uí Néid.

Sceitimíní ar Tess a bheith ann den chéad uair.

An fharraige ag obair ar an gcósta i gcónaí.



Siúlann Tess thar an droichead seo gach lá ag dul ag obair,
ba é seo a céad uair an dul fé.


Kevin Murphy ina bhád nua.





Albert Boyd.



Sinead Frawley & Carraig Aonar.



Liamhán Gréine os comhar Donal.

Ag dul isteach Bá na hEornan.



Bhí liamháin gréine ar fud na háite óna chasamair timpeall an ceann tíre Carn Uí Néid.


Sos lóin ag tráigh Leacain Mhic Aodha.

Báid áille ar fud na háite!


Cé go rabhamair ag éirí tuirseach um an dtaca seo, agus cé go raibh an-chuid iontaisí feicthe againn cheanna féin, leanamair ar aghaidh, agus bhí iontaisí eile fós le feiscint.






Cearbhán eile.



Marie Boyd.

Seoltóirí i ngach áit.



Marie agus an siorc.










Marie agus Carraig Aonar.

Ceann de na áirsí in Streek Head,

Caroloine Schofield, Marie Boyd, Albert Boyd.



Oileán na Carraige.


Tess ar a sáimhín so.



Rory Macpherson.

Séamus Ó Flaitheartaigh 

Tess & Albert.

Kevin Murphy.


Bhíomair fíor-thuirseach nuair a bhaineamair An Góilín amach, ach turas den scoth a a bhí ann.


No comments:

Post a Comment