Thursday, 23 May 2024

20240523 - Turas Campála - Lá 2 - Inis Ni go dtí An Ard Mhóir, bealach Maínis agus Fínis.

Inár suí go moch ar maidin, agus bhí cuma iomlán difriúil ar an scéal. Néalta bána agus paistí gorma sa spéir, cé go raibh sé fuar leis an ngaoth aduaidh. Bhí an gaoth fós ann, cinnte, ach do bhí sí seasmhach, gan a  bheith siotach.

D'ullmhaíomair bricist agus scoramair an campa. Ansin bheartaíomair an plean le haghaidh an lae. Leis an ngaoth aduaidh, bhí soiléir go mbeimis ag dul ó dheas, agus ina dhiaidh sin, casadh soir, fé scáil cósta dheas Chonamara.

Tess ar muin na muice, ag céaslú le fána na gaoithe.


Ag céaslú ó dheas, ag féachaint ar na hoileáin aduain ar fud íor na spéire, bhí sé deacair iad a aithint thar a chéile ón gcairt.




Pé scéal é, chuamair ó dheas, gar le Fraochoileán, agus bhí gach duine ag baint sult as na dálaí.

Ant ag baint feidhm maith as an stiúir ar a cadhc.

Geraldine breá sásta sna dálaí.



Scata cadhcóirí ar chladaigh Chonamara.

Ag druidim ar Oileán Máisean.


Bhí an céad stad againn ar Oileán Máisean.
Bhí an gaineamh chomh mín agus bog ar an tráigh sin, toisc nach mbíonn mórán daoine ag siúil uirthi, is dócha.




Is oileán tréigthe é Oileán Máisean, ach in aon uair amháin, bhí breis is céad duine ag maireachtáil anseo. Níos mó na maireachtáil, is dóigh liom go raibh rath ortha anseo an chuid is mó den am. Ach anois tá sé thar a bheith uaigneach. Tithe folmha, ag titim óna chéile go mall, agus gan a lán iarsmaí eile ón gcine daonna, seachas cúpla theach saoire. Bhíos ag cuimhneacht ar glórtha na páistí ag rith timpeall na foirgneamh is na páirceanna tráth. Bhí sé éasca samhlú na glúine acu, ag fás aníos, ag rath, ag meath, is ag fáil bás ar an oileán beag seo. Cén scéalta a bhí acu, cén amhráin? Bhrisfeadh do chroí ag smaoineamh air.


Bláthanna áille fiáine ag fás ar fud na háite anois.



Ár gcuid mún déanta, agus scroid de glóthóige ithe againn, chuamair ar snámh arís, ach ag dul soir an uair seo, i dtreo Oileán Máinis.




Fiú leis an ngaoth agus na tonnta ar ár dtaobh anois, d'éirigh go hiontach le gach duine. Bhí mo chuid muinín as Ant ag éirí go háirithe. Ní raibh aon cúis buairt agam fúithi a thuilleadh.



Tess ag ceiliúradh Oileán Máinse a bhaint amach.

Bhí an tarna stad againn ar Oileán Máinse.
Níl an oileán seo uaigneach ar aon chor, bhí fianaise de daoine ar fud na háite. Ar an dtráigh, bhuaileamair le fear áitiúil darbh ainm Colm. Bhí an-suim aige inár dturas taiscéalaíochta, agus thug sé beagán eolas áitiúil dúinn. Mhol sé beagán taighde a dhéanamh fé Amhrán Mháinse, agus gheallas go ndéanfainn.
Leis an taoide ag trá i gcónaí, chuireas an cheist ar Cholm, an mbeadh aon uisce lastuaidh de oileán Fínis ag an am seo. Dúirt sé nach mbeadh mórán ann anois, ach mhol sé cuairt a thabhairt ar Fínis pé scéal. Dúirt sé go bhfuil an tráigh ag oirthear an oileán go hálainn, agus ar ár slí ar aon nós.

Ag féachaint i dtreo ár gceann scríbe - An Áird Mhóir.



Níos mó mún déanta, agus glóthóige ithe, leanamair ar aghaidh go dtí Fínis.









Bhí an ceart ag Colm, dar ndóigh. Bhí Fínis go hálainn ar fad. Oileán tréigthe eile, le tráigh fada órga ann. Fothracha scaipthe ar fud na háite, agus caladh cuan an-shlachtmhar ar fad , ach folamh, ar an dtaobh iarthar.

Chaitheamair roinnt ama ag siúil ar an oileán, ach bhíomair ag éirí fuar sa ghaoth, agus d'fhilleamair ar ais go dtí na báid.

Leimt gairid trasna go dtí An Aird Mhóir a bhí ann, ach bhí an bá folamh ag lag taoide, agus bhí iompar fada romhainn go dtí barr láin mhara.
Cé go raibh sé ag cur as dom le dhá lá anuas, bhíos fíor buíoch anois as an dtrucail a thóg Ant léi!
Le beagán comhoibriú, bhí ceithre cadhc troma, lán le trealamh agus giuirléidí, gluaiste suas an tráigh, go dtí áit deas campála, ar foscadh ón ngaoth.










Na pubaill curtha suas, agus gach rud socair, chuamair á lorg sólaistí i dTigh Leavy.


Teach saor bád b'fhéidir, in aice an tráigh? Tá an-spéis agam (agus beagán taithí agam) in saoirseacht báid.


I gcompoird Tigh Leavy, bhí deis maith againn mion-pleanáil a dhéanamh le haghaidh an maidin. Tá aimsir maith geallta sa réamhaisnéis. Beimid ag súil leis anois!


An t-ádh dearg orainn go raibh an chipvan in aice Tigh Leavy anocht!

Tá níos mó meas ag Tess i gcapaill ná i ndaoine, measaim.

Ár mbaile anocht.


Chuas ar siúlóid beag timpeall an tráigh roimh dul a luí. Nach speisialta an áit í seo!






No comments:

Post a Comment