Sunday, 27 October 2024

20241027 - Trá Mhór

Táim i dTrá Mhór le haghaidh cruinniú mo mhuintir fé láthair, agus sciobas amach go moch ar maidin i gcomhar turas beag.

Chuas ar Facebook ag lorg moltaí cúpla lá ó shin, agus dúirt an-chuid daoine go bhfuil an cladach idir an caladh cuain i dTrá Mhór agus Cill Fhearghasa ar fheabhas. Bhíos an-sásta leis na moltaí siúd - bheadh 7km gach slí oiriúnach don méid ama a bheadh agam ar maidin.

Bhí sé soiléir nuair a bhíos ag fáil réidh ag an gcuan go mbeadh maidin den scoth ann.

Breacadh an lae i dTrá Mhór.


An Fear Miotail

Chualag fén Fear Miotail den chéad uair nuair a bhíos ag obair ar an Dunbrody, nach mór fiche bliain ó shin, ach bheadh sé seo mo chéad deis é a fheiscint i ngar.

Dathanna áille sa spéir taobh thiar de Ceann Bhaile an Bhrúnaigh.

An Fear Miotail.

Éirí na gréine.




Cósta den scoth, le carraigeacha, uaimheanna, áirsí agus failltreacha.

Ag Oileán an Bhúrcaigh d'fhigh mé tríd na carraigeacha, agus chasas soir, ar ais i dtreo an Fear Miotal agus Trá Mhór.





Turas beag, ach an-deas a bhí ann. An chuid ba fhearr bainte as an lae - bhí an fearthainn ag teacht, dar ndóigh.
Chomh maith leis sin, ba é seo mo thuras deireanach roimh dul ar ais ag obair. Ní bheinn in ann cadhc a thógaint liom an uair seo, dá réir sin ba é seo mo thuras deireanach as 15 seachtain thar a bheith gnóthach le céaslóireacht. Braithim láidir agus muiníneach anois, ach i gceann 5 sheachtain bead lag agus mí-aclaí arís.


No comments:

Post a Comment