Turas deas inniu le mo chomrádaí Dave Elwood.
Bhí gaoth réasúnta anoir aduaidh ann, agus mar sin, thosnaíomair ag an gcúinne thoir thuaidh de Bhá Beanntraí, ag Cé Shnámha.
Chuamair trasna go dtí Na Ceithre Ceanna le haghaidh sos lóin, agus ansin trasna an bá agus le cóir na gaoithe go dtí Lochán na nGaorthaí.
An deas ar fad le tonnta beaga beomhara.





No comments:
Post a Comment