Le aimsir breá geallta dúinn, bhuaileas le Jackie O'Sullivan agus Rob O'Brien ag Cuas na gCaorach roimh breacadh an lae ar maidin, le haghaidh turas timpeall Na Seacht gCeanna go dtí Cúirt Mhic Shéafraidh.
Do bhí orainn tointeáil a shocrú roimh dul ar snámh, agus bhíomair i solas geall an lae sara thosnaíomair.
Turas deas a bhí ann, gan mórán farraigí corraithe, seachas beagán ag Ceann Dún Urlainn agus arís ag Rinn Leganagh.
Bhíomair breá sásta cheanna féin, nuair a dtáinig slua deilfeanna mórthimpeall orainn i mBá Na Seacht gCeanna. Nach iontach an pléisiúir a bhí sé, ach go háirithe do Rob, nach bhfaca deilfeanna chomh gar sin cheanna.





No comments:
Post a Comment