Thug Dave cuireadh dom teacht amach leis inniu le Clara Laplaud. Bogann Dave i gciorcail céaslóireachta éagsúla, agus ní ró-mhinic a chasann na ciorcail siúd ar a chéile. B'fhéidir go bhfuilim ag éirí sa chéimlathas?
Ar aon nós, bhuaileamair le chéile ag Gort na Cille, agus thrasnaíomair an bá go dtí Róncharraig Mhór.
Is cuimhin go maith liom an uair deireanach a bhíos ann, ach bhí cuma iomlán difriúil ar an bhfarraige, agus ar an scéal inniu. Bhíos lán sásta a bheith in ann leaindeáil ar an oileán inniu.
Ina dhiaidh sin, chuamair timpeall Róncharraig Beag, agus trasna go dtí an tOileán Mór. Bhí sos lóin againn ar tráigh beag deas in aice Pointe an Longfoirt.
Ar an slí ar ais go dtí Gort na Cille, chonaiceamair deilfeanna i gcéin, ag léimt amach as an uisce. Ansin chonaiceamair grúpa eile i dtreo eile. Agus ansin grúpa eile...agus de réir dealramh bhí siad go léir ag teach inár dtreo!
Sara bhfad bhí deilfeanna go leor inár dtimpeall. Ag léimt, ag déanamh spórt 'is spraoi, ag teacht 's ag imeacht mórthimpeall orainn...agus chomh tobann is a dtáinig siad, bhí siad imithe.
Sara bhfad bhí deilfeanna go leor inár dtimpeall. Ag léimt, ag déanamh spórt 'is spraoi, ag teacht 's ag imeacht mórthimpeall orainn...agus chomh tobann is a dtáinig siad, bhí siad imithe.
An-lá a bhí ann.








No comments:
Post a Comment