Tá mo sheal sa bhaile nach mór thart, ach bhí an aimsir maith a dhóthain le haghaidh turas amháin eile roimh imeacht ar ais ag obair. Ní rabhas ag braithint ró-mhaith aréir, ach táim ag alpadh paraicéiteamól, agus bhíos maith a dhóthain ar maidin le leanúint ar aghaidh (ní bheinn ag iarraidh a bheith fliuch, áfach).
D'imíomair ón bhfánán laistigh de Pointe Dúinín, agus trasna go dtí An Tráigh Fada linn. Tá an tráigh sin siúlta agam na mílte uair, ach seachas seisiún surfála amháin sa chúinne blianta ó shin, níor chéaslaigh mé riamh é.
Chuamair thar Ceann Dún dTéide go tapaigh, ach stopamair ag fánán beag gleoite in Cuas Duirc le sos beag a fháil.
Ina
dhiaidh sin, bhí sé breá éasca leanúint timpeall an cósta go dtí Oileán
Inse Duine, ach ar an slí isteach sa bhá sin do bhí an suaille ag rith,
agus an bruth ag méadú.
Do bhí orainn saghas leaindeáil brutha nú "surf landing" a dhéanamh ann. Ní raibh fonn spraoi sa bhruth orm, mar gheall ar an slaghdán i mo cheann.
Do bhí orainn saghas leaindeáil brutha nú "surf landing" a dhéanamh ann. Ní raibh fonn spraoi sa bhruth orm, mar gheall ar an slaghdán i mo cheann.
Ar an dtráigh, bhuaileamar le Andrea Vaillancourt-Alder, oiliúnóir de leibhéal aird atá tar éis bogadh go Iarthar Chorcaí le déanaí. Chualag fúithi cheanna, ach ba é seo mo chéad uair ag casadh léi.


No comments:
Post a Comment