Tuesday, 16 January 2024

20240116 - Traigh Omna go dtí Dún na Séad, agus Oileán Dhúlaing.

Lá breá gréine, ciúin a bhí ann inniu.

D'imigh mé féin, Rob O'Brien agus Anne Crossey ó Traigh Omna, siar ó dheas i dtreo Dún na Séad. Bhíomair in ann gluaiseacht i gcóngair leis na carraigeacha agus na failltreacha, agus ní raibh éinne tinn an uair seo.





Bhí an-spraoi againn ag Oileán Dhúlaing, le sruth na haife ag dul siar, agus suaille ag teacht aniar. Baineadh geit as Ann uair amháin, agus bhí sí beagán neirbhíseach ina dhiaidh sin, ach deis foghlama di a bhí ann freisin.

An-lá a bhí ann, le comhluadar breá.




No comments:

Post a Comment