Tuesday, 13 August 2024

20240813 - Imeacht Cadhcála - Saoire Gaeltachta

Bhí imeacht cadhcála eagraithe ag Glór na nGael le haghaidh na teaghlaigh ar fad tagtha go Corca Dhuibhne an seachtain seo. Tá breis is céad duine anseo ar an saoire i mbliana, agus cinnte nach raibh siad go léir anso inniu, ach bhí slua ollmhór ann, pé scéal é!



Chuas féin amach leo i mo chadhc beag nua (athlámh), ach ní rabhas páirteach sa ghrúpa.


Bhí an-spraoi acu, ag imirt cluiche simplí le liathróid leadóige ar dtús, agus ansin rírá agus ruaille buaille ar fud na háite.





Chuadar ar thuras beag ansin, timpeall Cuan an Chaoil amháin, ach bhí blaiseadh beag deas acu de cadhcáil mara...agus bhí píosa beag surfáil agam.



Radharc deas amach chuig An Tiaracht.


An fear é féin, Maitiú Ó Coimín.

 An spraoi ar fad. Mo mhíle buíochas as Glór na nGael, Maitiú Ó Coimín, Maidhc Ó Mainín agus a chriú go léir ar an uisce inniu - bhain gach éinne an-sult as.

No comments:

Post a Comment