Trí chomhtharlúint ait, do bhí an deis agam freastail ar an gcruinniú ISKA i gContae Aontroma inniu.
Turas deas a bhí ann, chuireamair isteach díreach in aice an caisleán i gCarraig Fhearghhais. Lá deireanach séasúr na máirseála a bhí ann, agus chonac an tOrd Oráisteach áitiúil ag cleachta le haghaidh an máirseáil níos déanaí. B'in mo chéad uair riamh an saghas rud sin a fheiscint.
Ar an uisce, bhí sé beagán teaspach ó am go chéile, agus do bhí sin go deas. Bhuaileamair isteach ar áit fíor suimiúil darbh ainm Cloghan Harbour, agus lón againn ag an gCionn Bán sular chasamair An Cionn Dubh, agus ar fad na Gobáin (The Gobbins).
Isteach linn ag Port Muc, agus an áit plódaithe le turasóirí (cosúil linne).
Lá deas a bhí ann, agus deis maith aithne a chuir ar roinnt céaslóirí an tuaiscirt, Joseph Ó Ruagáin ina measc.
![]() |
| Ag fágáil Cuan Charraig Fhearghais - Joe Ó Ruagáin ag coimeád súil géar ar gach éinne. |
![]() |
White Harbour.![]() |
![]() |
| Na Gobáin. |
![]() |
| Martin Magennis ag déileáil leis na tonnta ina NDK Explorer. |
![]() |
| Davy Kerr ag druidim ar Na Gobáin ina Taran. |
































No comments:
Post a Comment