Táim i gCorca Dhuibhne arís ar feadh seachtain, ar saoire gealtachta leis an dteaghlach, ach tá cúpla cadhc liom, dar ndóigh!
Inniu, chuas amach i m'aonar ó Cuan an Chaol. Bhí géarbhach gaoithe aneas ann. Ar mo shlí ó dheas, chloígh mé an-gar leis an gcladach ag lorg foscadh.
Chuas isteach is amach as gach cuaisín agus gach gné a bhí ann - Faill na Saor, Cuas na Nae, Dún Uí Chuáin, Faill Buí agus Na hAdhairtí Gorma. Bhí sé garbh go leor ag dul timpeall Ceann an Droma, ach ansin isteach go dtí suaimhneas Tráigh an Cloichear liom.
Amach arís, ag dul siar timpeall an tSeantalamh, agus isteach sa Chuas Mór. Agus amach arís, le taobh Carraig na nGearb, chomh fada le Ceann Sratha.
![]() |
| Ag tógaint sos sa chuas fé Ceann Sratha. |
![]() |
| In ainneoin an pus dáiríre orm, bhíos an-sásta liom féin. |
Um an dtaca seo, bhí cinneadh le déanamh agam. Ba mhian liom dul timpeall Clogher Rock (Carraig an Chloichir?), ach bhí tonnta círéibeacha ag teacht tríd an bearna ann. Chuir sin Carraig an Chloichir as an áireamh, dá bhrí sin ní raibh ach dhá rogha agam - filleadh ar ais ar an slí a tháinig mé, nú dul amach, trasna an bá, agus ar ais le fána an gaoth. Phiocas an tarna rogha!






No comments:
Post a Comment