Monday, 5 August 2024

20240805 - Bá Dhún Mánais

Bhí séideadh maith gaoithe ann inniu, ach bíonn áit oiriúnach ann le haghaidh turas mara i gcónaí in Iarthar Chorcaí. Chinneamair triail as turas beag i mBá Dhún Máinis. Bheadh deis againn cleachtadh céaslú sa ghaoth, agus bhíodh píosa spraoi againn dar ndóigh.


Bhailíomair le chéile ag trá bídeach álainn i gCill Chomáin, a thugann daoine "Ballygibba" air (Baile Giobach?). Ní raibh mórán spás pháirceála ann, agus ba mhaith an rud é nach raibh ach dream beag againn ann - mise, Tess, Anna, Rob O'Brien agus Jimmy Murphy.

Rob ina Valley Etain nua (fuair sé ar athlámh é).

Jimmy.

An plean a bhí againn ná, dul soir lámh ó thuaidh le taobh an cósta, agus ag spota oiriúnach, raghaimis trasna an bá go dtí an leithinse Béara, agus ar ais siar lámh ó dheas le taobh an cósta arís. Trasnú amháin eile agus bheimis ar ais ag na carranna i mBaile Giobach.

Ghlacas an ceann seo trí thimpiste,
ach ceapaim go bhfuil sé beagán greanúir! 😅

Bhí Anna beagán neirbhíseach ina P&H Scorpio nua.

Céaslú breá a bhí ann, scuabtha leis an ngaoth.

Caisleán Dún Béacáin.




Nuair a shriochamair an caisleán, chinneamair ár dtrasnú a dhéanamh ann. Bhí sé ní ba dheacra ná a shíleamair ag dul siar in aghaidh na gaoithe, agus bhíomair sásta amach foscadh beag a fháil ón gcósta Béara.

Tess ag smaoineamh ar pints, ar a slí isteach go Áth an Chíste.

Bhí sos lóin againn ag an gcaladh in Áth an Chíste, agus bhuaileamair le Dave Elwood ann. Ní raibh deis aige teacht amach linn inniu, ach dúirt sé linn, más mian linn leanúint ar aghaidh i dtreo Dúras, le gaoth chórach, d'fhéadfadh sé sinn a phiocadh suas ina charr, agus a thógaint ar air go Cill Chomáin.

Bhuel, tar éis an trasnú cruaigh sin, bhíomair lán sásta an tairiscint flaithiúil sin a ghlacadh.

Caladh cuain Áth an Chíste.



Ar aghaidh linn arís le gaoth ceathrúnach, thrasnaíomair an bá arís go dtí an caisleán, agus leanamair cósta Muintir Bháire arís.

Rob sásta amach ina bhád nua. 

Anna ag socrú isteach fós, agus Jimmy chomh compordach le lacha ar an uisce.

Cuaird timpeall Oileán Manainn Mhór.

Bhí Dave chomh maith lena fhocail - bhí sé ag fanacht linn ar an gcaladh in Dúras, agus thóg sé ar ais go Cill Chomáin sinn. Ard fhear Dave!


No comments:

Post a Comment