Thursday, 15 August 2024

20240815 - Daingean Uí Chúis go dti Baile Móir (Cuan Fionntrá)

Níl ach fótagraf amháin agam as an dturas inniu. Bhíos ag céaslú i m'aonar, agus ní raibh na dálaí oiriúnach le haghaidh stopadh agus pleidhcíocht le mo fón.

Chuas ar snámh ag an stáisiúin Garda Cósta in aice Daingean Uí Chúis, agus trasna liom go dtí An Rinn Beag.
Luaigh Brenda O'Shea liom tamall ó shin, go bhfuil an cladach idir An Daingean agus Ceann Trá den scoth, an píosa is fearr i gContae Ciarraí, dar léi. Bhuel, tar éis moladh mar sin, b'éigin dom dul chun é a fhescint.

Ní raibh Brenda ag insint bréaga, bhí an tírdhreach den scoth. Failltreacha airde millteanach, uaimheanna móra, fochaisí, carraigeacha de gach cruth agus méid.
An fhadhb a bhí ann, mar gheall ar na dálaí, ní rabhas ábalta aon taiscéalaíochta a dhéanamh.

Bhí gaoth láidir aniar aduaidh ann, agus suaille mór ag teacht aniar aneas. Bhí sé gliobach go leor, ach bhíos compordach an dhóthain i mo NDK Romany Excel Expedition, soitheach an-daingean ar fad.

Nuair a shroicheas an oileán darbh ainm An Bréagaire, chasas isteach go Cuan Fionntrá, ach anois ní raibh aon scáil ón ngaoth. Anois bhíos ag céaslú in aghaidh géarbhach gaoithe, agus dul chun cinn an-mall agam.
Chasas isteach i gcuain breá bídeach darbh ainm Baile Móir, agus ghlacas sos beag ann. Chinneas nach raibh mórán eile le feiscint idir sin agus Ceann Trá, agus d'iompaíos ar ais i dtreo An Daingean.

Ar an slí ar ais lé fána na gaoithe, bhíos ag dul ar nós traein!
Ag am amháin, bhí tuairim agam dul isteach in uaimh mór éigin, ach bhí sé ró-gharbh an deis a ghlacadh i m'aonar.

Ar mo shlí isteach i mBá an Daingean arís, gar leis an gcarraig seo thíos, bhuaileas le grúpa turasóirí ar a slí amach fé stiúir treoraí éigin. Bhíos ag ceapadh go raibh sé píosa ró-chorraithe le haghaidh núíosaigh, ach b'fhéidir gur chas siad thart, níl fhios agam.

Bhíos ag féachaint ag an bhfothrach ar bharr an carraig sin, n'fheadair cad a bhí ann, túir éigin b'fhéidir, ach níl sé luaite ar an Historic Environment Viewer (GIS) ag Tailte Éireann.

Tá an fothrach seo ag béal Cuan An Daingean, ach n'fheadar cad a bhí ann.

Nuair a fhilleas ar ais go dtí an stáisiúin, bhíos breá sásta liom féin. Bhí an cósta chomh éachtach san, agus bhaineas an sult as na dálaí freisin.
Fadó, bhí an iomarca muinín agam i mo chuid oiliúint, agus lá amháin (agus mé amuigh i mo aonar) bhaineadh geit mór asam. Bhí sé sin deireadh le mo chuid céaslú ar feadh blianta, agus nuair a thosnaíos arís, bhíos soimisiúnta gan an botún céanna a dhéanamh arís. Ach anois táim ag ceapadh, cé go bhfuil mí-bhuntáistí agus baol ceangailte le céaslú aonar, tá buntáistí ann freisin. 
Nuair a bhíos amuigh ann inniu, agus cúpla lá ó shin ag Ceann Sratha, bhíos ag meá na dálaí dom fhéin. Bhíos ag fiafraí díom féin, an bhfuil mé ábalta leid na dálaí seo? Ní rabhas buartha fé éinne eile - ní rabhas ag fiafraí an bhfuil X, Y nú Z ceart go leor anseo. Ní raibh orm a bheith ag féachaint timpeall i gcónaí, ag iarraidh fáil amach an bhfuil siad OK, an bhfuil siad ag coimeád suas liom, srl. Ach cinnte, braithim uaim comhluadar mo cairde nuair atáim i mo aonar amuigh ann.


No comments:

Post a Comment