Sunday, 6 October 2024

20241006 - ISKA Siompóisiam - An Mhala Raithní - Acaill Bheag

Lá a dó den gcruinniú, agus bhíos páirteach i ngrúpa amháin (as dó) ar dul timpeall oileán Acaill Beag.

Bhí an grúpa fé stiúir Ronan O'Connor agus Geo, agus neart teagascóirí eile as ATU.

Ar an slí amach as Cé Corráin, bhí sruth taoide láidir sa seolbhealach, agus bhí deis agam beagán surfáil (fíor beagán) i gcúlsruth taobh thiar de post solais loingseoireachta, ag samhlú go bhfuil mé cosúil le John Willacy, nú rud éigin (mar dhea!) 😂.

Cé nach raibh sé chomh gaofar is a bhí inne, bhí na dálaí beoga go leor, le suaille ag teacht aneas, agus clapotis óna failltreacha.

Bhí duine nú dhó ann (nílim ag ainmniú éinne) nach raibh ag brath ró-mhaith i ndiaidh an deoch go léir aréir, ach bhí gach éinne ceart go leor ag an deiridh.

Bhí píosa sceitimíní againn nuair a sheol Geo tríd bearna mé, le fáil amach ar raibh sé oiriúnach (canáraí sa mhianach guail?) dúinn. Bhí sé breá ciúin nuair a chuas tríd, mar sin chuireas mo chéasla díreach suas in airde, mar chomhartha don gcéad duine eile go raibh sé ceart go leor. Lean Caroline Schofield mo rian, ach díreach ansin, tháinig sraith tonnta ollmhóra, agus scuabadh thar a corp í Caroline.
I bhfaiteadh na súl, bhí Conor ann chun í a shábháil, agus mise gan a bheith in ann aon rud a dhéanamh ach féachaint ortha.


Bhí na dálaí an spraoi ar an gcósta thiar theas.








Nuair a shroicheamair an cúinne deisceart den oileán, bhí sos tuillte againn. Bhí cúrsaí i bhfad ní ba réchúisí ina dhiaidh sin, go dtí...





Píosa ní ba fhaide ar aghaidh, agus bhí sé soiléir go raibh tonnta seasta amuigh sa seolbhealach. Chuamair amach le haghaidh roinnt surfáil iontu.
An-spórt ar fad a bhí ann, ach dar le Geo, bhí siad i bhfad ní b'fhearr inne.




Turas gearr a bhí ann, ach taitneamhach. Ach bhí turas i bhfad ní ba fhaide os ár gcomhair ar an mbóthar, agus bhí sé in am an bóthar a bhualadh arís.


No comments:

Post a Comment