D'fhógair Gadget go mbeadh se ag déanamh turas ar An Sulán inniu, agus bhíos scafa chun teacht leis.
Bhí an leibhéal íseal go leor, beagnach 0.79m ar an méadar ag Baile Mhic Íre. Bhí triúr againn ann, Gadget agus Patrick Lynch i gcadhcanna, agus mise i mo chanú.
Ba é seo mo tharna uair ar An Sulán. Bhíos anseo blianta fada ó shin, ag déanamh RSR1 le Gildas Laplaud. Bhí sé dearúdta agam cé chomh álainn is atá an abhainn seo. Tá altáin agus uláin ann, agus crainn ar an mbruach an slí ar fad.
Ag éirí bréan ag fanacht le Gadget.
Ba é seo mo chéad uair ag bualadh le Patrick Lynch, ach chualag fé roimhe seo.
Agus sinn ag fanacht le Gadget ag déanamh a chuid garraíodóireacht (prúnáil na géaga os cionn an abhainn), thosnaíomair ag comhrá lena chéile, agus d'inis sé a scéal brónach dom. Bhí sé i dtaisme bóithre timpeall ceithre mhí ó shin, agus chaith sé dhá mhí san ospidéal ag téarnamh ina dhiaidh.
Ach fós, níl sé tar éis teacht chuige féin go hiomlán. Bíonn sé ag déanamh dearúd ar ainmneach, is a leithéid, i gcónaí, agus ní raibh a fhios aige cén bliain a bhí ann fiú.
Ach fós, níl sé tar éis teacht chuige féin go hiomlán. Bíonn sé ag déanamh dearúd ar ainmneach, is a leithéid, i gcónaí, agus ní raibh a fhios aige cén bliain a bhí ann fiú.
Bhíos croí-briste ag éisteacht lena scéal, is soiléir go bhfuil fear deas, macánta ann, ach tá bealach deacair fós á shiúil aige. Ar a laghad, tá a mhuintir agus a leannán ag tabhairt tacaíocht do, agus tá sé in ann rince agus céaslóireacht a dhéanamh, dhá rud a thaitníonn go mór do.
















No comments:
Post a Comment