Leis an dea-aimsir ag leanúint, d'fhógair mé turas gearr um tráthnóna, amach as Carraig Oilche.
Tháinig Debbie Heaphy, Grit Glass agus Cath Russel, agus thug siad comhluadar breá dom ar an uisce.
Bhí an aimsir den scoth, agus an-chuid saghsanna de néalta le feiscint.
 |
| An bearna idir Oileán Ard agus Oileán Íseal an-chúng ag taoide folamh. |
 |
| Taobh theas Oileán Íseal. |
 |
| Cath chun tosaigh, agus Debbie taobh thiar - ag baint an-sult as! |
 |
| Agus Grit ina ndiaidh. |
 |
| Taobh thuaidh Oileán Íseal. |
 |
Bearna ag an taobh thoir Oileán Ard.
|
 |
| An cúinne thiar Oileán Ard. |
 |
Bhí braoinín uisce laistigh i mo chás fóin, a dhein éifeacht suimiúil ar chuid de na fótagraif. |
 |
| Cath ag teacht in aice Stack of Beans. |
Nach iontach an áit í, Iarthar Chorcaí!
No comments:
Post a Comment