Thursday, 10 October 2024

20241010 - Surfáil ag Inse Duine.

Bhí coinne ortadóntóra ag Cathal i gCloch na Coillte ar maidin, agus le réamhaisnéis foirfe mar seo, chinneamair dul go dtí Inse Duine go moch roimhe sin, le haghaidh píosa surfáil.

 Nuair a shriochamair an áit, go gairid tar éis a seacht, bhí tonnta nach mór foirfe ag teacht isteach ann. Bheadh sé seo go diail!

Agus mar sin a bhí. Surfáil den scoth a  bhí ann...ach uair amháin nuair a d'iompaíos béal fé, agus súdh amach as an mbád mé sula rabhas in ann rolla a dhéanamh.
Bhí snámh fada agam ar ais go dtí an tráigh, agus dar ndóigh bhí Thomas Maas ann sa carr chlós chun é a thaifead!


Bhí na leaids eile tagtha um an dtaca sin, Joe Quinn, Jimmy Murphy srl, ach bhí Cathal buartha go mbeadh sé déanach dá choinne (ní raibh) agus bhí orm teacht amach.


A leithéid de lá! Tá an t-ádh dearg orainn a bheith inár gcónaí in aice áiteanna chomh álainn seo.


No comments:

Post a Comment